‘Féinín’ agus ‘bos le baithis’ i measc na straoiseog nua a eiseofar an mhí seo

Cuirfear 72 straoiseog nua le bunachar Unicode níos deireanaí an mhí seo, ina measc an ‘féinín’, an ‘bos le baithis’ agus an ‘searradh guaillí’ ach diúltaíodh don ‘raidhfil’

unicode-9-emojis-emojipedia

Eiseofar ar an 21 Meitheamh 72 straoiseog nua, a deirtear ar an suíomh emojipedia.org, ‘ciclipéid na straoiseog’ a choinníonn cuntas ar straoiseoga agus an chiall atá leo. Tá grafaic cruthaithe ag emojipedia.org freisin den chuma a mheasann eagarthóirí an tsuímh sin a bheidh ar na straoiseoga nua.

Ainmníodh an straoiseog ‘ag gol le gáire’ ina ‘fhocal’ na bliana ag Oxford Dictionaries anuraidh, ach tá Unicode tar éis an barr a bhaint de agus an t-acrainm coitianta ‘ROFL’ (rolling on the floor laughing) a chur i bhfoirm straoiseoige: 9003a7e6d2ec5d837542cf98e3b8c1a2

muisc
Léiriú emojipedia.org ar an straoiseog ‘múisc’.

Cé go n-eiseofar an 72 straoiseog nua ar an 21 Meitheamh ní chiallaíonn sé sin go mbeidh teacht ag gach úsáideoir ar na híomhánna nua ón lá sin amach. Beidh cead ag Apple, Google, agus Microsoft na straoiseoga nua a chur lena méarchlár ón dáta sin ach is dóigh go mbeidh tamall eile fós ann sula mbeidh tú in ann a léiriú go bhfuil fonn múisce ort trí mheán na straoiseog.

Cuirfear straoiseoga le nach mór gach rannóg an mhí seo – daoine, ainmhithe agus an nádúr, bia agus deoch, gníomhaíochtaí, rudaí agus siombailí. Cuireadh leis na rannóga ‘bratach’ agus ‘áiteanna’ anuraidh, nuair a cuireadh trídhathach na hÉireann leis an mbunachar.

I measc go leor straoiseog eile, cuirfear ‘Mamaí na Nollag’ agus ‘féinín’ le rannóg na ndaoine, ‘lacha’ agus ‘carria’ leis an rannóg ainmhithe, ‘fuisce’ agus ‘pancóga’ leis an rannóg bia, ‘dornálaithe’ agus ‘pionsóir’ leis an rannóg gníomhaíochtaí agus an comhartha ‘stop’ le rannóg na siombailí.

Níor glacadh leis an moladh go mbeadh ‘raidhfil’ ar cheann de na straoiseoga nua ná an ‘peantatlan’. Is mar gheall ar éileamh ón bpobal gur cuireadh an ‘féinín’, an ‘bos le baithis’ agus an ‘searradh guaillí’ leis na straoiseoga nua.

Tá léiriú emojipedia.org ar gach straoiseog nua le feiceáil san fhíseán seo.

Fág freagra ar '‘Féinín’ agus ‘bos le baithis’ i measc na straoiseog nua a eiseofar an mhí seo'