Is é Cá’il an Bheirt? an chéad albam leis na deirfiúracha Étáin agus Máire Ní Churraoin a bhfuil a stíl shainiúil féin acu atá bunaithe ar thraidisiún an tsean-nóis. Tá éisteoirí curtha faoi gheasa ag an albam draíochtúil a shníonn áilleacht na hamhránaíochta ar an sean-nós leis an gcomhcheol agus an ceol tíre.
As Ráth Chairn ó dhúchas, tá cúlra láidir sa gceol traidisiúnta ag na deirfiúracha Uí Churraoin. Ó bhí siad ina ngasúir bhí an ceol traidisiúnta ina chuid den saol, a deir Máire.
“D’fhás muid aníos agus an ceol thart orainn i gcónaí. Bhíodh ceol ag imeacht i gcónaí sa teach ag ár muintir agus bhíodh muid ag dul ag ranganna amhránaíochta ar an sean-nós le Mairéad Ní Fhlatharta freisin.”
Deartháir lena Mamó ba ea Darach Ó Catháin, an t-amhránaí aitheanta ar an sean-nós, agus cé nach raibh siad féin fós ar an saol lena linn bhí an-tionchar ag an oidhreacht a d’fhág sé ina dhiaidh orthu.
“Bhíodh a albam i gcónaí ag imeacht sa gcúlra. Cé gur imigh sé ar shlí na fírinne sular rugadh muid, tá a ghlór fós mar chuid de cheol an teaghlaigh.”
Léiríonn an cur chuige atá ag Étáin agus Máire an t-ómós atá acu don traidisiún a chuaigh rompu, ach cuireann siad a stíl féin leis freisin. Go minic is mar amhráin aonair a chloistear na hamhráin ar an sean-nós ach imíonn An Chéad Ghlúin eile ón gcur chuige sin ar an albam.
Baineann na deirfiúracha úsáid as comhcheol agus iad beirt ag casadh le chéile, rud a thugann gné nua do na hamhráin agus a chuireann blas nua orthu.
“Ceapann daoine gur rud nua é an comhcheol ach d’fhéadfadh gur rud é a bhíodh ann. Tá muide a cheapadh gur dóigh go mbíodh sé ann ar bhealach amháin nó bealach eile. Níl mórán scríofa faoi agus níl a fhios againn go cinnte agus ní bheidh a fhios againn, is dóigh, an mbíodh comhcheol á dhéanamh,” a dúirt Máire.
Léiríonn an t-albam nua an turas atá tugtha acu féin mar amhránaithe. Ó na laethanta tosaigh agus iad ag gabháil fhoinn sa mbaile go dtí na laethanta istigh sa stiúideo is an t-albam á chur le chéile acu, tá a gcuid féin déanta acu de gach traic ar an albam. Cé go bhfuil na hamhráin a chasann siad fréamhaithe go mór ina ndúchas i Ráth Chairn, tarraingíonn siad inspioráid ó na ceantair eile Ghaeltachta eile freisin.
“Bhí muid ag iarraidh amhráin a roghnú a raibh tábhacht ag baint leo dúinne. Cuid de na hamhráin, d’fhás muid aníos leo agus tá cinn eile ann ar tháinig muid trasna orthu de réir a chéile, ach airíonn muid gur linne iad ar bhealach amháin nó ar bhealach eile mar go bhfuil scéal ag dul leo dúinne.”
Ó seoladh Cá’il an Bheirt? tá ag éirí thar cionn leis ar ardáin dhigiteacha ar nós Spotify, iTunes agus Bandcamp agus tá obair mhór déanta acu ar Instagram agus ar TikTok lena gcuid ceoil a roinnt le pobal fairsing ar fud an domhain. Bhí siad ag iarraidh an t-albam a eisiúint ar CD chomh maith, agus é a sheoladh sa mbaile i Ráth Chairn lena muintir féin.
Nuair bhí siad ina ngasúir d’fheicidís albam Dharach Uí Chatháin ar díol go háitiúil agus ba é mian a gcroí go bhfeicfidís a n-albam féin in aice leis lá breá éigin. Tá an fhís sin fíoraithe acu anois agus lasair an traidisiúin á hiompar ar aghaidh acu le Cá’il an Bheirt?.
“Rugadh agus tógadh muid i nGaeltacht Ráth Chairn, tháinig Mamó as an Máimín i 1935 agus tháinig Daideo as an gCoill Rua i 1937 agus casadh ar a chéile iad i Ráth Chairn agus lonnaigh siad ann. Is muide an cúigiú glúin anseo, ach an dara glúin a rugadh is a tógadh i Ráth Chairn. Anois, tá a cailín beag féin ag Étáin. Nuair a bhí Étáin ag súil, bhíodh Zélie Áine rite reaite sa mbroinn ach na hamanta ba mhó a n-airíodh sí go mbíodh sí socair ná nuair a bhíodh sí ag gabháil fhoinn ag an aifreann. Feiceann muide gurb ise an chéad ghlúin eile.”
Tá Étáin agus Máire an-tógtha leis an tábhacht a bhaineann le seachadadh na n-amhrán agus feiceann siad go bhfuil na meáin shóisialta ina mbealach nua leis na hamhráin a thabhairt ar aghaidh chuig daoine eile.
“Nuair a chuimhnímse ar an traidisiún béil agus ar na spailpíní agus iad ag foghlaim amhrán is á gcasadh agus iad ag dul ó áit go háit, bímse ag cuimhneamh gur bealach spraíúil é seo leis na hamhráin a roinnt, cosúil leis na spailpíní.
“Díreach mar a d’fhoghlaim muide ó bheith ag éisteacht le Darach Ó Catháin, cé nach raibh againn ach an CD, tá daoine eile in ann iad a fhoghlaim uainne trí na meáin shóisialta. Dá bhrí sin feileann sé do na hamhráin sean-nóis go bhfuil siad ag dul ar Instagram agus ar TikTok.”
Bhí An Chéad Ghlúin Eile ar stáitse an deireadh seachtaine seo caite sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath agus bíonn siad ag iarraidh go rachadh an lucht éisteachta abhaile agus páirt glactha acusan sa traidisiún freisin. D’fhoghlaim Étáin agus Máire na hamhráin ó bheith ag éisteacht leo agus ó a bheith á bhfoghlaim ó bhéal freisin is tá siad ag iarraidh na seoda sin a roinnt leis an lucht éisteachta a thagann go dtí na ceolchoirmeacha a thugann siad féin.
“Nuair a thagann na daoine go dtí na ceolchoirmeacha múineann muid amhrán dóibh go minic le go dtuigfidh siad gur leosan na hamhráin seo freisin. Ní hiad seo amhráin An Chéad Ghlúin eile amháin. Tá muid an-tógtha le slabhra seachadtha na n-amhrán seo agus níl ionainne ach lúb amháin sa slabhra agus caithfidh muid an lúb atá againn a láidriú ar na bealaí atá ar fáil dúinn. Dá bhrí sin is breá linn gur féidir linn é sin a dhéanamh nuair atá na daoine inár dteannta ag ceolchoirm. Is iad an lucht éisteachta an chéad lúb eile sa slabhra seo,” a deir Máire.
Fág freagra ar '‘Feileann sé do na hamhráin sean-nóis go bhfuil siad ag dul ar Instagram agus ar TikTok’'