Féile úrnua le seoladh i gcathair na Gaillimhe

Reáchtálfar féile úrnua Ar Imeall ón 8-24 Iúil in Áras na nGael i nGaillimh a dhíreoidh ar na healaíona éagsúla

Féile úrnua le seoladh i gcathair na Gaillimhe

Reáchtálfar féile úrnua darb ainm Ar Imeall ón 8-24 Iúil i gcathair na Gaillimhe. Féile ildisciplíneach agus ilchultúrtha é ‘Ar Imeall’ a bheidh ag díriú ar ealaíontóirí is taibheoirí nua atá ag teacht chun cinn – idir cheoltóirí, amhránaithe, agus lucht na dtaibhealaíon. 

Deir lucht eagraithe na féile gurb é bunchloch na féile nua “spás a chruthú don obair ar fad a bhaineann leis an gcultúr agus an teanga agus ardán a thabhairt dóibh”.

Deirtear chomh maith go bhfuil siad ag iarraidh ardán a thabhairt do na dreamanna éagsúla ar fad atá ag obair i “sochaí chomhaimseartha na hÉireann” agus súil acu an fhéile nua “a fhorbairt bliain ar bhliain”.

Is mian le lucht na féile dul i ngleic le cultúr casta ilghnéitheach na hÉireann sa lá inniu trí léiriú a dhéanamh ar na gnéithe éagsúla den chultúr sin. Ag an bhféile an mhí seo  beidh taispeántas ó Afrika Abú, taibheoirí dátheangacha Hip-Hop; pobal Bród na Gaillimhe, píobaire uilleann, grianghrafadóireacht stairiúil, chomh maith le taispeántais amharclainne agus scannán trí Ghaeilge.

Beidh na himeachtaí ar fad ar siúl in Áras na nGael ar Shráid Dominic i lár chathair na Gaillimhe.

Mar chuid den fhéile, beidh Misneach na Gaillimhe ag reáchtáil lá in Áras na nGael ar an Máirt an 12 Iúil dár teideal ‘Athghabháil Misneach ar Áras na nGael’.

Beidh neart imeachtaí ar siúl in Áras na nGael an lá sin – cúrsaí oideachais pholaitiúil, plé ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, taispeántas grianghraf chomh maith le ceol agus craic istoíche.

Fág freagra ar 'Féile úrnua le seoladh i gcathair na Gaillimhe'

  • Brendan Keane

    “Welcome” ar an gcomhartha i lár an “Áras na nGael.” Lá amháin go luath, beidh muid ag tarrtháil an foirgnimh sin. Tá a fhios againn go léir cad atá ar siúil ann.