Féile Scannán na Réabhlóide le hoscailt in Indreabhán amárach

aispeánfar 23 scannán ag an bhféile scannán i nGaeltacht na Gaillimhe ina gcíortar téama na réabhlóide. Beidh scannáin a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca agus le héirithe amach i dtíortha eile ar fud an domhain á dtaispeáint agus á bplé i gcaitheamh an deireadh seachtaine

Radharc as 'The Battle of Algiers'

Reáchtálfar an deireadh seachtaine seo ‘Féile Scannán na Réabhlóide’ in Indreabhán i nGaeltacht na Gaillimhe, mar chuid de chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca.

Beidh an fhéile ar siúl ó Dé hAoine, 27 Bealtaine, go dtí Dé Domhnaigh, 29 Bealtaine, i dtrí ionad ar an mbaile:  Amharclann Sheanscoil Shailearna, ‘An Cinemobile’, a bheidh i gcarrchlós an Phoitín Stil agus An Poitín Stil féin.

Osclóidh iar-cheannasaí TG4, Cathal Goan, an fhéile go hoifigiúil san oíche amárach sa Phoitín Stil agus taispeánfar 23 scannán ina gcíortar téama na réabhlóide ar fud an domhain, i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Is é Club Scannán Shailearna a bheidh ag reáchtáil na hócáide seo agus léireofar scannáin faoin Éirí Amach féin agus a oidhreacht, leithéidí Mise Éire, An Tine Bheo agus Áille an Uafáis, chomh maith le scannáin aitheanta faoi choimhlintí stairiúla ó gach cearn den domhan, leithéidí The Square, The Battle of Algiers agus Ten Days that Shook the World.

Is é Áille an Uafáis an chéad scannán a thaispeánfar, agus is é Cathal Goan a chuirfidh an scannán sin i láthair sa tSeanscoil.

Beidh go leor aoichainteoirí ag labhairt ag an bhféile agus scannáin éagsúla á gcur i láthair acu, ina measc; an scannánaí Bob Quinn, an polaiteoir sóisialach Joe Higgins, an t-iriseoir Seosamh Ó Cuaig agus an gníomhaí Treasa Ní Cheannabháin. Beidh triúr cainteoirí ann ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, freisin: Mary Harris, Jeannine Woods agus Seán Crosson.

“Is iomaí réabhlóid atá feicthe againn ar an scáileán mór ó thús ré na scannánaíochta. Beidh togha agus rogha na scannán a rinneadh faoi théama na réabhlóide le feiceáil ag an bhFéile,” a dúirt Donncha Ó hÉallaithe, duine d’eagraithe na féile.

Beidh an scannán conspóideach Rocky Road to Dublin (1968) le Peter Lennon á thaispeáint ag an bhféile freisin. Fuair an scannán seo locht ar an tsochaí “chúng, phlúchta” a cruthaíodh i ndiaidh Éirí Amach na Cásca agus Chogadh na Saoirse. Tugadh droim láimhe don scannán in Éirinn nuair a eisíodh é agus ní go dtí le gairid a cuireadh i láthair an phobail é.

Tá clár iomlán Fhéile Scannán na Réabhlóide chomh maith le heolas faoi thicéid ar fáil ar shuíomh an Chlub Scannán.  Bunaíodh an club in 2007 agus ó shin i leith táthar ag taispeáint scannáin idirnáisiúnta agus Ghaelacha thar dhá shéasúr in aghaidh na bliana don phobal. Bíonn taispeántais speisialta á n-eagrú ag an gclub go rialta a dhéanann ceiliúradh ar an scannánaíocht i mionteangacha agus faoi mhionchultúir.