Féile na Gealaí Ráth Chairn beagnach díolta amach

Beidh an fhéile champála Ghaelach, Féile na Gealaí, ar siúl i nGaeltacht na Mí an deireadh seachtaine seo

Féile na Gealaí Ráth Chairn beagnach díolta amach

Valtos, Pólca 4, Imlé, Síle Denvir, The Len Collective, Boss Sound Manifesto, An Chéad Ghlúin Eile, Emma Ní Fhíoruisce, Séamus Ó Flatharta, Grooveline, Huartán….

Níl ansin ach cuid de na ceoltóirí agus bannaí a bheas le cloisteáil ag an fhéile champála Ghaelach, Féile na Gealaí, a bheas ar siúl i nGaeltacht Ráth Chairn an deireadh seachtaine seo.

Cuirfear tús le himeachtaí na féile tráthnóna amárach ar pháirc imeartha CLG Ráth Chairn le craoladh beo den chlár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus leanfar le ceol ar an phríomhardán le SÚP, BANDIA agus eile.

I measc na n-imeachtaí a bheas ar siúl le linn an deireadh seachtaine beidh ceardlanna amhránaíochta i nGaeilge na hAlban, oíche ghrinn le GaelGháirí, imeacht BRÓD le Aerach Aiteach Gaelach agus léiriú nua le IMRAM. Beidh amhrán agus scléip sa Bhradán Feasa, Club na Féile, nuair a thiocfaidh deireadh leis an cheol ar an pháirc.

Tá clár imeachtaí don aos óg á reáchtáil i mbliana freisin, lena n-áirítear an chéad imeacht oifigiúil de Chruinniú na nÓg sa Ghaeltacht, Trad-Dioscó na nÓg agus Picnic Teidí, a bheas á reáchtáil i Leabharlann Ráth Chairn Dé Sathairn.

Dúirt Hannah Ní Bhaoill, duine de lucht eagraithe na féile, le Tuairisc go raibh na ticéid “chóir a bheith díolta” amach agus mhol sí do dhaoine ticéad a fháil inniu más mian leo freastal ar an fhéile.

“An tseachtain seo a díoladh cuid mhaith de na ticéid agus tá muid ag feiceáil ó Covid go mbíonn daoine á fhágáil go dtí an bomaite deireanach le ticéad a fháil.

“Ach molaim do dhaoine ticéad a fháil inniu mar go bhfuil muid teoranta ó thaobh spás ar an láthair champála agus tá muid ag iarraidh a chinntiú go bhfaighidh daoine ar mian leo a bheith ag an fhéile ticéad,” a dúirt Hannah Ní Bhaoill.

Is féidir ticéad a fháil anseo.

Fág freagra ar 'Féile na Gealaí Ráth Chairn beagnach díolta amach'