Féile litríochta i gCeantar na nOileán, Cath na mBannaí i nGaoth Dobhair agus Féile le Chéile i nDoire

Sa cholún seo tá moltaí ag Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh... 

Féile litríochta i gCeantar na nOileán, Cath na mBannaí i nGaoth Dobhair agus Féile le Chéile i nDoire

FÉILTE

Máírtín le Ciarán Ó Fatharta.

Ainm Cleite – féile na bhfilí agus na scríbhneoirí i gCeantar na nOileán

Beidh Ainm Cleite, ‘féile na bhfilí agus na scríbhneoirí’, ar bun i gCeantar na nOileán i gConamara ón 13 -15 Meán Fómhair. Tugann an fhéile seo aitheantas don Ghaeilge agus do chumas an phobail a bheith chun cinn i gcaomhnú na teanga. Deir an coiste eagraithe gurb é an príomhchuspóir atá acu bealaí a aimsiú chun aird a tharraingt ar neart na Gaeilge agus an cultúr is an pobal a spreagadh le bheith bródúil aisti agus í a úsáid chomh minic agus is féidir leo.

Tá clár leathan imeachtaí leagtha amach do dheireadh seachtaine na féile. Is é Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha a bheidh ina fhear an tí ag seoladh na féile ar an Aoine, an 13 Meán Fómhair. Cuirfear an oscailt oifigiúil ar bun ag a 5pm i Halla Pobail Thír an Fhia, tráth a mbeidh taispeántas filíochta agus scríbhneoireachta le páistí bunscoile na háite.

Seolfar ábhar béaloidis Ó Ghlúin go Glúin ag an ócáid freisin, saothar a tháinig as togra a bhí ar bun le páistí bunscoile an cheantair. Seolfar an leabhar 1,2 Spraoi chomh maith, saothar ó Scoil Thír an Fhia a rinneadh i gcomhpháirt leis an eagraíocht scríbhneoireachta Fighting Words.

Seán Mac Donnacha, oifigeach pleanála teanga Ghlór na nOileán, a chuirfeas foireann na féile agus na haíonna speisialta in aithne. Beidh Gradam Fhéile Ainm Cleite á bhronnadh ar an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile ag a 7pm agus beidh píosa cainte ag Páraic Breathnach faoi shaol agus saothar Mhichíl.

Tabharfar aitheantas do scríbhneoir eile as an áit ina dhiaidh sin, an scríbhneoir agus craoltóir Ciarán Ó Fátharta. Bronnfaidh an ceoltóir Síle Denvir an gradam saoil ‘Gradam Tom a’ tSeoighe’ ar Chiarán a bhfuil aithne mhór air as a chuid cumadóireachta amhrán agus craoltóireachta.

Beidh ceol beo le Sheila Doorley, J.T.J. Mac Donnacha & Cairde ina dhiaidh sin. Cuirfear clabhsúr leis an oíche Tigh Phlunkett, áit a mbeidh ceol beo le Éamonn Mac Donnacha agus a ghrúpa as Ráth Chairn ag tosú ag 10:30om.

Tá neart imeachtaí eile ar chlár na féile, idir cheardlanna, seoltaí leabhair, léamha agus ceoil. Gach eolas le fáil ar shuíomh idirlín Ghlór na nOileán.

 

Iarratais á lorg do ‘Cath na mBannaí’ ag féile Dorn san Aer

Tá comórtas Cath na mBannaí fógartha ag an bhFéile Dorn san Aer agus an chéad IMLÉ, Kíla nó Kneecap eile, nó ‘rud éigin iomlán nua’, á lorg acu. Bunaíodh Féile Dorn san Aer chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an chraoltóra Rónán Mac Aodha Bhuí. Beidh an fhéile ar bun i nGaoth Dobhair ón Aoine 27 go dtí an Domhnach 29 Meán Fómhair.

Nuálaithe ceoil atá á lorg acu do chomórtas Chath na mBannaí agus iad sa tóir ar ‘grúpaí úra réabhlóideacha ceoil’. Comórtas nua don cheol beo é agus trí dhuais á le tairiscint acu do na buaiteoirí, €2,000 don chéad áit, €500 don dara háit, agus €300 don tríú háit. Beidh deis ag na grúpaí a gcuid ceoil a chasadh ar an raidió freisin.

Beidh ardán ‘Cath na mBannaí’ ag féile Dhorn san Aer in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche i nGaoth Dobhair ar an Satharn, an 28 Meán Fómhair, 2024. Beidh an comórtas féin ar siúl idir 3–8pm. Moltar d’iarrthóirí na trí phíosa ceoil is fearr atá acu a chur i láthair na moltóirí ar stáitse, is ní mór do cheann de na píosaí ar a laghad liricí Gaeilge a bheith leis. D’fhéadfadh gur ceol uirlise a bheadh sa dá phíosa eile.

Tá fáilte á cur acu roimh cheol nuálach nuachumtha ach is féidir leaganacha nó aistriúcháin d’amhrán a chum daoine eile a chasadh freisin. Failteofar freisin roimh ghrúpaí as scoileanna a bhfuil ceol nua á cumadh acu. Cuirtear fáilte roimh gach stíl cheoil –  rac, pop, hip hap, miotal an bháis, snagcheol, ceol na ndaoine, reggae, func, ska, traidtreonaice, leictreonaice agus aon sórt eile. Ar bhannaí agus ar cheoltóirí nua atá an comórtas dírithe agus ní ghlacfar le hiarratais ó bhannaí a bhfuil clú orthu cheana féin nó a bhfuil albam eisithe acu.

Ní mór na hiarratais a bheith istigh faoin Aoine an 20 Meán Fómhair. Tá tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil anseo.

 

Féile Le Chéile –  Cultúrlann Uí Chanáin ag ceiliúradh 15 bliain ar an bhfód

Beidh Féile Le Chéile i nDoire arís i mbliana agus clár iontach imeachtaí Gaeilge agus cultúir leagtha amach do cheiliúradh 2024. Tá Cultúrlann Uí Chanáin ag ceiliúradh cúig bliana déag sa bhfoirgneamh ar Mhórshráid Shéamais i gcathair Dhoire agus dhá scór bliain ó thosaigh an eagraíocht ag cur ranganna Gaeilge ar fáil sa gcathair. Beidh an fhéile ar bun ón 7 -28 Meán Fómhair.

Tá éagsúlacht mhór sna himeachtaí a bheidh á reáchtáil, ranganna Gaeilge, ciorcail chomhrá, ceol Gaelach ag an gCóisir Tí agus ceardlann scríbhneoireachta Gaeilge faoi stiúir an scríbhneora Dara Collins.

Le bliain anuas tá go leor taighde nua déanta ag an gCultúrlann faoi stair na Gaeilge i nDoire agus dearcadh an phobail i leith na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Beidh toradh an taighde sin á chur i láthair an phobail le linn na féile. Tá scéalta pearsanta, ábhar staire agus taighde mar chuid den taispeántas atá curtha le chéile ag foireann Chultúrlann Uí Chanáin i gcomhar le hoibrithe deonacha sa bpobal.

Tá tuilleadh eolais agus clár na n-imeachtaí le fáil ar shuíomh idirlín Chultúrlann Uí Chanáin.  ​​

ÓCÁIDÍ

 

Ciorcal Comhrá i Lios Tuathail

Beidh an chéad chruinniú eile de Chiorcal Comhrá Amharclann Naomh Eoin i Lios Tuathail ar bun ar an Aoine, an 6 Meán Fómhair ag 11am. Níl aon táille ar an ócáid mhíosúil atá á stiúradh ag Gabriel Fitzmaurice agus Áine Ní Chuaig, agus tá fáilte roimh chách. Is é Séaghan Ó Súilleabháin, nó an ‘Kerry Cowboy’ mar is fearr aithne air, an t-aoi speisialta ag an gciorcal comhrá. D’fhógair Glór na nGael ag tús na míosa seo go bhfuil Séaghan ceaptha chun Plean Teanga Chathair Saidhbhín a chur i bhfeidhm.

Is é an craoltóir Dara Ó Cinnéide a sheol Ciorcal Comhrá Amharclann Naomh Eoin beo ar an aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i rith Sheachtain na Gaeilge i Márta na bliana seo. Tá an grúpa ag teacht le chéile ar an gcéad Dé hAoine den mhí ó shin agus an-rath ar an ócáid mhíosúil.

Bíonn freastal maith ar na hócáidí sóisialta seo ina mbíonn deis ag cainteoirí Gaeilge ar gach leibhéal cumais a gcuid Gaeilge a úsáid. An file dátheangach Gabriel Fitzmaurice, as Maigh Mheáin i gcontae Chiarraí, a bhíonn ina fhear an tí.  Tá an ciorcal comhrá á reáchtáil ag an gceoltóir agus léiritheoir Áine Ní Chuaig atá ar fhoireann na hamharclainne.

Tá gach eolas faoin gciorcal agus imeachtaí eile in Amharclann Naomh Eoin i Lios Tuathail anseo.

Ceardlann scríbhneoireachta dhátheangach i bPort Láirge

Beidh ceardlann scríbhneoireachta dhátheangach á reáchtáil in Eastát Woodhouse sa Sráidbhaile i bPort Láirge ar an Satharn an 14 Meán Fómhair. Is iad an scríbhneoir agus file Áine Uí Fhoghlú as An Rinn agus an file Clodagh Beresford a bheidh ina stiúrthóirí ar an gceardlann.

Tá an cheardlann á reáchtáil i gcomhar le Músaem an Chontae i bPort Láirge agus díreofar ar scríobh na filíochta i rith na hócáide a bheidh ar bun ón 10am go 12pm agus ón 2pm go dtí 4pm.

Beidh ócáid ar bun sa tráthnóna ina mbeidh filíocht á léamh agus ceol beo á sheinm. Beidh deis ag na daoine a ghlac páirt sa gceardlann a saothar a léamh agus cloisfear filíocht ó áisitheoirí na ceardlainne freisin. Beidh an file Thomas McCarthy i láthair agus é ag léamh óna shaothar. Beidh ceol beo le Seán Feehan agus ‘Crab Lake Circus’ sa tráthnóna ón 7-9pm.

Táille €60 atá ar an gceardlann féin agus €10 atá ar an ócáid sa tráthnóna.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le info@waterfordmuseum.ie

 

Pictiúr: PadraigOFlannabhra

An leabhar ‘Songsmith: Picturing the Pogue’ á sheoladh

Beidh an leabhar SongSmith: Picturing the Pogue le Pádraig Ó Flannabhra á sheoladh Dé Máirt an 10 Meán Fómhair ag a 6pm in Ionad Ealaíne an Aonaigh. Is í Siobhán MacGowan, deirfiúr Shane, a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil agus beidh taispeántas físe agus ceoil mar chuid den ócáid. Beidh an leabhar ar díol ar phraghas speisialta an oíche sin, cóip amháin ar €30 nó péire ar €50, agus rachaidh an brabús go dtí Ciste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí (UNICEF) le tabhairt do pháistí na Palaistíne.

Bailiúchán atá sa leabhar de nótaí ómóis, ábhar cuimhneacháin agus grianghraif nár foilsíodh cheana agus é curtha i dtoll a chéile ag an ngrianghrafadóir agus cainteoir Gaeilge Pádraig Ó Flannabhra. Labhair Pádraig Ó Flannabhra le Tuairisc le déanaí. faoin leabhar agus faoin ócáid.

Fág freagra ar 'Féile litríochta i gCeantar na nOileán, Cath na mBannaí i nGaoth Dobhair agus Féile le Chéile i nDoire'