Féile Ghaeilge na Nollag i gClub Chonradh na Gaeilge

Beidh ‘Féile Ghaeilge na Nollag’ ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn, an 19 Mí na Nollag idir 11am agus 7pm. Beidh leabhair Ghaeilge agus go leor eile á ndíol ag an aonach ann agus imeachtaí ar siúl do ghasúir agus do dhaoine fásta araon

29/11/2012. Santa Claus pictured in a

Tá ‘Féile Ghaeilge na Nollag’ beartaithe ag Club Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath don deireadh seachtaine roimh Lá Nollag, is é sin, an 19 Nollaig. Féile lae a bheidh ann agus imeachtaí ag tosú ag 11 ar maidin go dtí deireanach san oíche.

Beidh caife agus seacláid á ndíol ag Snasta Blasta ann agus beidh an comhlacht Zero Zero Pizza ar an láthair chomh maith. Dóibh siúd nach bhfuil aon rud ceannaithe acu fós, is féidir leo a n-aghaidh a thabhairt ar an aonach earraí agus leabhar Gaeilge.

Beidh imeachtaí ar siúl do pháistí freisin, idir scéalaíocht, seó lámhchleasaíochta agus ióga, ón 1 a chlog go dtí an 3 a chlog tráthnóna.

Is féidir le daoine fásta triail a bhaint as ióga chomh maith, gan trácht ar bhraonaín fíona agus beorach a bhlaiseadh idir an 4 a chlog agus an 7 a chlog. Beidh Daidí na Nollag ar an láthair freisin i rith an lae le mianta na ngasúr a chloisteáil in am d’Oíche Nollag.

Tá Club Chonradh na Gaeilge suite faoi phríomhoifig an Chonartha i 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Fág freagra ar 'Féile Ghaeilge na Nollag i gClub Chonradh na Gaeilge'