Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag cur daoine as an nGaeltacht chuig ionaid i bhfad ó bhaile

Níl Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag baint leas as Teach Altranais Gaeltachta  anseo mar ba chóir dóibh, a deir bainisteoir an tí

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag cur daoine as an nGaeltacht chuig ionaid i bhfad ó bhaile

Nuair a thug Údarás na Gaeltachta deontas le forbairt a dhéanamh ar Theach Altranais Charna seacht mbliana déag ó shin, ba athrú saoil agus meoin a bhí ann.  Ba é an chéad uair é ag an Údarás tacú go láidir le seirbhís shóisialta agus sláinte dá leithéid.  Cuireadh an deontas sin ar fáil mar go rabhthas ag iarraidh go mbeadh deis ag daoine fanacht ina gceantar Gaeltachta féin nuair a bheidís ag dul amach sna blianta.

Glacadh leis gur mhór an ní é go mbeadh an deis seo ag pobal Gaeltachta. Socraíodh freisin go mbeadh roinnt áirithe leapacha curtha ar fáil ar mhaithe le cúram gearrthéarmach, faoiseamh coicíse nó trí seachtaine. 

Bheadh an tseirbhís ghearrthéarmach seo ar fáil do dhaoine a bheadh ag teacht amach as an ospidéal nó daoine a bhfeilfeadh scíth agus aire uathu ar feadh tamaill.

Ach seacht mbliana déag tar éis don socrú seo a bheith aontaithe le Teach Altranais Charna, tá an socrú sin caite i dtraipisí.

Ag labhairt dó ag ócáid i dTeach Altranais Charna le déanaí, dúirt bainisteoir an tí, Seán Ó Flatharta, gur mór an trua é nach mbíonn deis ag daoine sa gceantar scíth roinnt seachtainí a fháil ansin ach go bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á gcur chuig tithe altranais eile atá píosa fada ó bhaile.

Dúirt Seán Ó Flatharta gur stop Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an córas a bhíodh ann faoina bhféadfaí roinnt daoine as an áit a thógáil isteach ar feadh tréimhse ghearr i dTeach Altranais Charna. 

Táthar ag cur daoine chuig tithe altranais de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte féin – tithe altranais poiblí – anois, a deir Seán Ó Flatharta agus is minic nach mbíonn a dteanga labhartha féin sna hionaid sin. Sa mhullach air sin bíonn na tithe a roghnaítear dóibh píosa maith óna mbaile féin, a deir an Flathartach.

Dúirt an tAire Stáit a bhfuil cúraimí Forbartha Tuaithe agus Acmhainní Nádúrtha air, an teachta Dála, Seán Kyne, gur thuig seisean cás Theach Altranais Charna agus go raibh cruinnithe aige le bainisteoirí Fheidhmeannacht Sheirbhísí Sláinte an Iarthair faoi cheist na seirbhísí agus na leapacha gearrthéarmacha i gCarna.

Dúirt an tAire Stáit Kyne gur míníodh ceist na Gaeilge agus dualgais an Stáit i leith na Gaeltachta don Fheidhmeannacht ag na cruinnithe sin ach nach raibh aon toradh ar an achainí sin sa deireadh.

Bhí an tAire Stáit Kyne i gCarna le seirbhís mionbhus de chuid an Tí Altranais a sheoladh go hoifigiúil.  Ba é an tAire – nuair a bhí sé ina Aire Stáit Gaeltachta – a cheadaigh deontas leis an mionbhus ceithre shuíochán déag a cheannach.  Baintear leas as an mionbhus le daoine atá ag cur fúthu sa Teach Altranais a thabhairt ar thurais agus le daoine atá ag dul amach sna blianta a thabhairt isteach chuig seirbhísí cúraim lae san ionad.

Cuirtear an mionbhus ar fáil freisin don Ionad Cúraim Leanaí i gCarna de réir mar a bhíonn sé ag teastáil.

Dúirt Seán Ó Flatharta, bainisteoir an Tí Altranais, gur mór an gar don phobal an mionbhus.  “Cuireann sí go mór le seirbhísí an Tí Altranais,” dúirt an Flathartach.  “Is féidir linn freastal ar dhaoine ar bhealaí go leor anseo agus tá foireann againn atá oilte ar chaighdeán ard.  Ach níl Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag baint leas as an Teach Altranais anseo mar ba chóir dóibh, agus mar a bhí socraithe i dtosach.  Tá an Teach Altranais agus pobal na Gaeltachta thíos leis sin.”

Fág freagra ar 'Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag cur daoine as an nGaeltacht chuig ionaid i bhfad ó bhaile'

  • Pilib O Duinn

    Cad eile a bhéifeá ag súil ón FSS? Iomarca ceannairí, easpa céille i gcónaí.