Leagan Gaeilge den RTÉ Player ‘á scrúdú’ i láthair na huaire

Thug Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, le fios do Tuairisc.ie go bhfuil plé á dhéanamh ar leagan Gaeilge de Sheinnteoir RTÉ a chur ar fáil

Ronan Man an Iomaire

Tá soláthar ábhar i nGaeilge agus an strúchtúr a bhainfeadh le roghchlár a chur ar fáil i nGaeilge i measc na n-ábhar atá á scrúdú i láthair na huaire ag RTÉ, a deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire. Cheistigh Tuairisc.ie an Grúpcheannasaí faoi rogha Ghaeilge a bheith ar Sheinnteoir RTÉ .

Screen Shot 2015-03-06 at 13.32.03Sheol RTÉ a seinnteoir domhanda Dé Céadaoin dá lucht féachana idirnáisiúnta. Beidh teacht anois ag Éireannaigh i bhfad is i gcéin ar chúig chéad uair a’ chloig d’ábhar Éireannach RTÉ, is cuma cén áit ar domhan a bhfuil siad.

D’admhaigh Rónán Mac Con Iomaire nach bhfuil mórán Gaeilge ar Sheinnteoir RTÉ mar atá, ach thug sé le fios do Tuairisc.ie go bhfuil féidearthachtaí éagsúla maidir leis an nGaeilge á scrúdú faoi láthair.

“Tá an leagan reatha den Seinnteoir RTÉ teoranta ó thaobh roghanna Gaeilge de, ach is sampla é an cur chuige reatha i leith bailiúchán cláir Sheachtain na Gaeilge den méid is féidir a dhéanamh,” a dúirt an Grúpcheannasaí.

Tá Seinnteoir BBC ar fáil go huile is go hiomlán i nGaeilge le tamall anuas.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge den RTÉ Player ‘á scrúdú’ i láthair na huaire'

  • Breathnóir

    ‘Tá Seinnteoir BBC ar fáil go huile is go hiomlán i nGaeilge le tamall anuas.’
    Go díreach! Is aisteach an rud é go bhfuil an rogha sin againn leis an BBC agus ní le RTÉ. Os a choinne sin, ar a laghad tá RTÉ tar éis tosú ag cur seirbhís nuachta ar líne ar fáil i nGaeilge, rud nach bhfuil déanta ag an BBC cé go ndéanann siad a leithéid i nGaidhlig agus i mBreatnais.