‘Feicim d’aghaidh ach ní fheicim an strainc ar do phus nuair a bhuailim do smig’ 

Oscailt súl, go fírinneach agus go meafarach, a bhí sna lionsaí tadhaill a bhfuair ár gcolúnaí an misneach triail a bhaint astu sa deireadh

‘Feicim d’aghaidh ach ní fheicim an strainc ar do phus nuair a bhuailim do smig’ 

An dornálaíocht a thug orm spéis a chur i lionsaí tadhaill den chéad uair, ach ba í an dornálaíocht chéanna a thug orm an cinneadh triail a bhaint astu dáiríre a chur ar an méar fhada ar feadh na mblianta.

Gan dabht, ní mór an cúnamh iad an fadradharc agus an gearr-radharc atá ag cur as dom agus an spórt is ansa liom á chleachtadh agam.

‘Níl a fhios agam cén chaoi a n-éiríonn leat m’aghaidh a aimsiú ar chor ar bith,’ a dúirt fear a bhí sa rang céanna liom lá amháin agus suim á cur aige i dtiús lionsaí mo chuid spéaclaí sa seomra feistis.

‘Feicim d’aghaidh ach ní fheicim an strainc ar do phus nuair a bhuailim do smig,’ a d’fhreagair mé.

Agus ba thrua sin, a shíl mé liom féin i gcónaí. Cluiche atá sa dornálaíocht tar éis an tsaoil agus bíonn tú ag iarraidh sult a bhaint as nuair a éiríonn leat an ceann is fearr a fháil ar do chéile comhraic.

Ní hamháin sin – cé go bhfeicinn imlíne mo chéilí comhraic agus cé nach gcuireadh laige mo radhairc as do mo chumas gluaiseachtaí a thabhairt faoi deara, chothaíodh an chuma dhoiléir a bhíodh ar an saol i mo thimpeall gan mo chuid spéaclaí orm mearbhall ginearálta a chuireadh as do mo chuid féinmhuiníne, agus dá bharr sin, do mo dhul chun cinn sa spórt.

Ach thagadh masmas orm dáiríre nuair a shamhlaínn céard a tharlódh dá mbuailfeadh dorn súil a mbeadh lionsa tadhaill inti.

Agus dá rachadh an lionsa i bhfostú taobh thiar den tsúil?

Chuireadh an smaoineamh sin an oiread sin faitís orm gur chuir mé fiú amháin an taighde faoi lionsaí tadhaill ar an méar fhada.

Ach nuair a thuig mé sa deireadh nach n-éireodh liom mo chuid féin a dhéanamh den spórt i gceart riamh de bharr na heaspa féinmhuiníne a chothaigh laige mo radhairc, chuaigh mé ag fiosrú an scéil, agus an chéad rud a fuair mé amach, gan dabht, ná nach féidir le lionsa tadhaill dul i bhfostú taobh thiar den tsúil. (Ceanglaíonn tonn na súile an tsúil le taobh istigh na mogall agus níl baol ar bith go ngearrfadh lionsa, nach bhfuil déanta as gloine pé scéal é ach as ábhar bog plaisteach, é sin.)

An dara rud a fuair mé amach ná go bhfuil an tuairim ann go bhfuil an dornálaíocht ábhairín na fríde níos sábháilte agus lionsaí tadhaill á gcaitheamh agat, toisc gur cosaint bhreise don reitine a bhíonn sa bhrat tanaí plaisteach sin.

Sin ráite, ní cheadaíonn na húdaráis mhóra dornálaíochta lionsaí tadhaill sna cluichí. Ní cúrsaí sábháilteachta is cúis leis sin, áfach, ach go mbeadh an iomarca bristeacha san imirt dá mbeadh ar dhornálaithe a gcuid lionsaí a phiocadh suas den chanbhás agus a chur ar ais arís chuile uair a mbuailfí sa tsúil iad (is féidir leis sin tarlú.)

Spéisiúil go leor áfach, ceadaíonn an UFC lionsaí tadhaill. Bhuel, a dúirt mé liom féin, má dhéanann siad cúis don UFC déanfaidh siad cúis domsa, agus rinne coinne leis an radharceolaí.

Ach bhí iontas beag eile i ndán dom ansin. Mura bhfuil cleachtadh agat orthu, ní haon dóithín é lionsaí tadhaill a chur isteach (gan trácht ar iad a bhaint amach arís) agus tar éis dosaen iarrachtaí teipthe nó mar sin, lionsa amháin bainte amach agam ach an ceann eile greamaithe de mo shúil i gcónaí, bhí meadhrán chomh mór sin i mo cheann gur shíl mé go raibh duine tar éis húc in uisinn mo chinn a bhualadh orm.

‘Ó, gnáthrud is ea é sin,’ a dúirt an radharceolaí agus straois air, ‘chonaic mé daoine ag titim i laige anseo cheana agus triail á baint acu as lionsaí tadhaill den chéad uair.’

Ach tá mé ag dul i dtaithí orthu anois, agus cé nach gcaithim iad agus mé ag obair (tá an meascán d’fhadhbanna radhairc atá agam róchasta le go leasódh lionsaí tadhaill iad ar fad) níl mé dall sa chró dornálaíochta a thuilleadh agus mar bhuntáiste sa bhreis feicim an bóthar agus an trácht anois agus mé ag rothaíocht sa bháisteach, rud nach bhfeicinn agus spéaclaí orm.

Fág freagra ar '‘Feicim d’aghaidh ach ní fheicim an strainc ar do phus nuair a bhuailim do smig’ '