‘Feicfimid an céad’ – Comóradh 90 bliain An tUltach

Comóradh ar 90 bliain den iris An tUltach

ciaran o pronntaigh
Ciarán Ó Pronntaigh, eagarthóir An tUltach

Rinneadh comóradh ar 90 bliain den iris An tUltach Deardaoin seo caite i Leabharlann Uí Fhiaich, Ard Mhacha.

Gealladh don slua a bhí i láthair go mbeadh an iris fós ann i gceann 10 mbliana leis an 100 bliain a chomóradh, in ainneoin na ndeacrachtaí atá ag an iris ó d’fhógair Foras na Gaeilge le déanaí go raibh deireadh leis an maoiniú a bhí á chur ar fáil di.

Bunaíodh An tUltach, iris Chomhaltas Uladh (Conradh na Gaeilge sa Chúige) i 1924, agus is í an iris Ghaeilge is sine atá ann.

Dúirt Ciarán Ó Pronntaigh, an t-eagarthóir, gur chúis bhróid aige a phost leis an an iris toisc gur ar an iris a foilsíodh den chéad uair saothar le Séamas agus Seosamh Mac Grianna, an file Béarla Paul Muldoon, Cathal Ó Searcaigh, agus scríbhneoirí móra le rá eile nach iad.

“Bhí fís ag Lorcán Ó Muirí [an sagart a bhunaigh An tUltach] 90 bliain ó shin. Chonaic sé go raibh an iriseoireacht mar bhunchloch ag an bpobal. An amhlaidh go mbeadh pobal na Gaeilge ann in Ultaibh gan ardán mar An tUltach a bheith ann?” a dúirt Ciarán Ó Pronntaigh.

“Bítear ag caint go minic ar an mheath atá tagtha ar litearthacht, i mBéarla chomh maith leis an Ghaeilge. Seo an t-am ba chóir dúinn bheith ag cur le deiseanna léitheoireachta, agus chomh tábhachtach céanna, le deiseanna scríbhneoireachta.”

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh, gur bunaíodh An tUltach in am ‘iontach deacair’ do lucht na Gaeilge i stát an tuaiscirt, díreach dhá bhliain i ndiaidh na críochdheighilte.

“Chonacthas don Athar Ó Muirí, agus daoine eile nach é, go raibh géarghá le gníomhaíocht láithreach, ardán a chur ar fáil do scríbhneoirí agus eagraíocht a bhunú a bheadh in ann an fód a sheasamh ar son na Gaeilge,” ar seisean.

Tháinig An tUltach slán as deacrachtaí cheana.

“Cé go bhfuil an ‘teacht slán’ sin ag éirí níos deacra agus níos deacra gach bliain, níl aon amhras orm ach go bhfeicfimid an céad, óir, mar a dúirt Máirtín Ó Direáin – ‘scaradh léi is éag duit’.”