Ceailí.
Seo bia a ghnídís fadó. In aimsir na bhfataí úra a dheintí é, nuair a bheadh siad deas milis.
Deintear na fataí a ghlanadh go maith agus an craiceann a bhaint díobh le spúnóg nó leis an nglanadh féin mar bíonn an craiceann bog orthu. Cuirtear sa bpota ansin iad go mbí siad bruite bog. Siltear an t-uisce astu ansin agus ina dhiaidh sin iad a bhrú go maith le tuairnín.
Nuair a bheidh siad brúite agat cuir gráinne salainn iontu. Gearr suas roinnt oinniún go mion agus caith isteach iad agus dein a t-iomlán a shuaitheadh le leamhnacht, ach ná bíodh sé rothanaí agat.
Ansin cuir amach ar an bpláta é agus bíonn sé go rídheas le greim ime measctha ann.
P Ó Ciaráin (75), Gleann Chaisil in Iorras Mhaigh Eo
Is cosúil go mbíodh an ceaile nó an cál ceannann ar an bpláta ag muintir an Chabháin chomh maith ach gurbh é béile na hAoine é nuair a bhíodh an tréanas ar na daoine. Seo aistriúchán ar chuntas ag P O’Brien as Laragh.
Glantar na prátaí nua go deas agus baintear an craiceann díobh le scuab ghlan gharbh. Déantar na prátaí a thaomadh [teemed] agus brúitear iad le tuairgnín glan. Cuir leamhnacht [sweet milk] agus an chuid ghlas d’oinniúin tar éis a mbainte leis agus brúigh é leis an tuairgnín go mbeidh na hoinniúin scaipthe tríd. Bíonn sé seo ann don dinnéar ar an Aoine agus im ina theannta.
Bhí beadaíocht bheag eile ag baint le ‘Ceallaí’ a bhíodh ag Mrs Callaghan as Ráth Thóma i Maigh Eo. Ina cuntas siúd dhéanadh gach duine “a well, or ‘tobar’” sa mbrúitín agus líonadh siad an tobar le him. Leádh an t-im ansin agus thumadh sé an spúnóg ceailí sa tobar sula gcuireadh sé ina bhéal é. Dúirt an bhean uasal seo go mbíodh daoine áirithe a chuirfeadh bainne bruite tríd ach go mb’fhearr léi féin dá uireasa é. Fadó, a deir sí, pláta amháin a bhíodh ann agus chuile dhuine ag placadh de.
Fág freagra ar 'Féasta samhraidh na bprátaí úra, bíonn sé go rídheas…'