Féasta rugbaí romhainn agus na hÉireannaigh ag triall ar an Róimh…

Tá dhá chomórtas rugbaí linn an deireadh seachtaine seo – foirne na Sé Náisiún ag imirt i mBabhta 3 den chomórtas sin agus na clubanna in iomaíocht lena chéile i mBabhta 16 den Pro 14

Féasta rugbaí romhainn agus na hÉireannaigh ag triall ar an Róimh…

Tadhg Furlong. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Is ar an Róimh a bheas triall na nÉireannach ar an Domhnach le himirt i gcoinne foireann atá fós ar thóir a céad bhua i gcomórtas na bliana seo. Níl mé ag iarraidh a bheith maslach i leith fhoireann na hIodáile, go háirithe agus iad faoi stiúir Chonor O’Shea, fear a d’imir chomh minic agus chomh héifeachtach sin d’fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann, ach is leor a rá nach bhfuil ciall ar bith a bheith ag caint faoi bhabhtaí ceathrú ceannais nó níos fearr a bhaint amach sa gcorn domhanda mura bhfuil muid in ann an ceann is fearr a fháil ar na hIodálaigh, fiú agus iad ag imirt sa mbaile.

Ní hamháin sin ach ba cheart go mbeadh go leor de na himreoirí dara rogha atá Joe Schmidt a chur chun páirce don chluiche seo róláidir d’fhoireann chéad rogha Chonor O’Shea.

Fós féin, is sa dá chluiche a bheas á n-imirt an Satharn beag seo a bheas suim lucht leanta rugbaí an domhain. Beidh Albain as baile i bPáras in aghaidh na Fraince, foireann eile atá ar thóir a gcéad bhua freisin.

Má theipeann ar na Francaigh agus iad sa mbaile den dara huair ó thús an chomórtais seo seans go mbeidh na gilets jaunes ag léirsiú arís. Tá sé chomh simplí leis seo: caithfidh na Francaigh an cluiche seo a bhuachtáil nó náireofar ar fad iad i mbliain an choirn dhomhanda.

Níl aon dabht ann ach gurb é an cluiche i gCaerdydd idir an Bhreatain Bheag agus na Sasanaigh rogha na gcluichí an deireadh seachtaine seo. Níor chaill ceachtar den dá fhoireann seo cluiche ar bith fós. Tá a fhios ag na Breatnaigh go bhfuil buntáiste ar leith acu roimh thús an chluiche seo mar gur sa mbaile atá siad. Mar sin féin, chonaic siadsan agus muid féin ar fad cé chomh láidir agus chomh snasta atá imirt na Sasanach. Seans gurb iad pé dream a mbeidh an lá leo sa gcluiche seo a ghlacfaidh greim ar chomórtas na bliana seo. Anois, sin spreagadh iontach don dá fhoireann. Is deacair a thuar cé leis a bheas an lá seachas a rá go gcaithfidh na Breatnaigh a bheith thar barr ar fad más leo stop a chur leis na Sasanaigh. Go deimhin, má éiríonn leo é sin a dhéanamh, beidh an comórtas tuillte acu, b’fhéidir!

Sa bPro 14, tá buntáiste an bhaile ag Cúige Laighean inniu, Dé hAoine, agus iad i gcoinne na Kings, foireann atá an-lag ar fad. Is ionann an cás ag na hUltaigh é inniu agus iadsan ag imirt i gcoinne Zebre. Ach tá dúshlán mór roimh na Muimhnigh inniu agus iadsan sa mBreatain Bheag i gcoinne na nOspreys. Mar sin féin beidh lucht leanta na Mumhan ag súil le bua eile. I mo thuairimse, is roimh na Connachtaigh atá an dúshlán is mó ar fad agus iadsan as baile freisin i nGlaschú ag tabhairt faoi fhoireann an bhaile sin. Ní bheidh sé éasca ag fir na Gaillimhe pointí a shlánú sa gcoimhlint seo, ach má dhéanann, beidh siad in áit mhaith, agus gan ach sé cluiche fágtha le himirt sna réamhbhabhtaí.

Fág freagra ar 'Féasta rugbaí romhainn agus na hÉireannaigh ag triall ar an Róimh…'