Féasta iománaíochta romhainn ó chumainn an Chláir agus Loch Garman

Seacht mbliana ó bhuaigh foirne an Chláir aon chluiche ceannais sinsir, cúige ná Éireann, ní sheasfaidh aon imreoir siar ón gcomhrac agus tá rath imreoirí an chontae ag spreagadh chlubanna Loch Garman..

Féasta iománaíochta romhainn ó chumainn an Chláir agus Loch Garman

Gary Molloy ó chumann Naomh Éanna ag ceiliúradh agus cúl scóráilte aige i gcluiche leathcheannais na craoibhe i Loch Garman. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

In 2012 cuireadh tús le ré órga san iomáint i gcontae an Chláir. Bhí scata imreoirí á bhforbairt ag lucht na hiomána sa chontae le tamall de bhlianta agus dul chun cinn déanta acu. Shroich foireann na mionúr craobh na hÉireann in 2010 ach ní rabhadar baileach sách maith do Chill Chainnigh.

Bhí Gerry O’Connor agus Dónal Maloney ina gcomhbhainisteoirí ar an bhfoireann sin. Bhí, agus tá fós, an-mheas ar fud an chontae ar stíl bhainistíochta na beirte ach an lá áirithe sin, dealbh a thángadar abhaile.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhíodar i gcluiche ceannais faoi fiche a haon na hÉireann agus Cill Chainnigh an freasúra a bhí rompu chomh maith. Ar shéideadh na feadóige deiridh an uair seo, ba iad muintir an Chláir a bhain pléisiúr as féachaint ar chlár na scór.

An bheirt chéanna, O’Connor agus Maloney, a bhí i gceannas na foirne.

I measc na laochra an oíche stairiúil sin bhí David McInerney, Patrick O’Connor, Conor Ryan, Tony Kelly, Colm Galvin, Podge Collins, Conor McGrath, Cathal McInerney agus Séadna Morey.

An bhliain ina dhiaidh sin ba iad an grúpa ógfhear sin croílár fhoireann bhuacach chluiche ceannais sinsir na hÉireann agus seachtain níos déanaí bhuadar an cluiche ceannais faoi fiche a haon arís le chuid maith de na himreoirí a bhí ar an fhoireann in 2012.

In 2014 thugadar leo an chraobh faoi 21 arís den tríú huair as a chéile agus a dtríú bonn saothraithe ag Tony Kelly, Colm Galvin, Séadna Morey agus Aaron Cunningham. Dar ndóigh O’Connor agus Maloney a bhí fós i gceannas.

Ach tá seacht mbliana anois againn ó bhuaigh foirne an Chláir aon chraobh shinsir. Cad a tharla don dream órga faoi aois sin?

Nuair a rinneadh bainisteoirí ar an fhoireann shinsir de O’Connor agus Maloney in 2016 bhíothas ag súil go gcuirfí roinnt óir sa gcaibinéad. Faraor níor tharla sé ach tá dóchas fós sa gcontae agus Brian Lohan i gceannas anois.

Anocht feicfimid conas atá an caighdeán sa chontae agus dhá cluiche ceathrú ceannais againn. Beidh trí chluiche ar siúl ach níl club na Creatalaí ag imirt de bharr cúrsaí Covid-19 a bheith ag cur as do chúpla imreoir. Níor imríodar an Domhnach seo caite ach an oiread. Tá tacaíocht á tabhairt dóibh ar fud an chontae agus cinneadh déanta ag bord an chontae fanacht leo go dtí  deireadh na seachtaine seo. Ina dhiaidh sin déanfar cinneadh eile ach ní dóigh liom go mbeidh siad ag fanacht rófhada eile.

Idir na trí chluiche sin, tá dhá dhearbaí áitiúla. Droichead Abhann ó gCearnaigh i gcoinne Bhéal an Átha agus Baile Uí Aodha i gcoinne Cill Mháille. Beidh Muileann Uí Cheallacháin i gcoinne Eidhneach/Cill na Móna freisin agus beidh An Fhiacail ag fanacht le cinneadh na Creatalaí.

An dá dhearbaí, Droichead Abhann ó gCearnaigh i gcoinne Bhéal an Átha agus Baile Uí Aodha i gcoinne Cill Mháille, a bheidh ar an scáileán. Mar a bhíonn in aon dearbaí is féidir a bheith cinnte nach seasfaidh imreoir ar bith siar ón gcomhrac.

Ámárach, Dé Domhnaigh, beidh TG4 i bPáirc Chadwicks Loch Garman, áit a mbeidh cluiche ceannais an chontae ar siúl idir cumann Naomh Éanna, seaimpíní 2018 agus Shelmaliers (Síol Maolúir) a bhuaigh in 2014.

Bhíos ag féachaint ar bhuaicphointí chluiche leathcheannais Naomh Éanna ar TG4 ar an Luan agus chuir sé ionadh orm cé chomh maith is a bhí an caighdeán. Tá an-dul chun cinn déanta ó tháinig Davy FitzGerald isteach mar bhainisteoir. Tá taoide tuile fhoireann an chontae ag ardú mórán de na clubanna sa chontae. Nach maith san?

Táim ag súil le hardchoimhlint.

Fág freagra ar 'Féasta iománaíochta romhainn ó chumainn an Chláir agus Loch Garman'