Féasta fuatha ó thuaidh agus na marbh á maslú

Tá an port seicteach céanna á chasadh ar dhá thaobh na deighilte

Féasta fuatha ó thuaidh agus na marbh á maslú

Iompar náireach, déistineach. Fógraí ag ceiliúradh dúnmharuithe a rinne Sealadaigh an IRA agus easaontóirí poblachtacha. Fonóid faoi 18 saighdiúir a maraíodh ag an bPointe i 1979, chomh maith le marú na gConstáblaí Ronan Kerr agus Stephen Carroll. Póstaeir ag maslú Willie Frazer, feachtasóir frith-IRA a fuair bás le hailse le gairid.

Bhí siad sin agus fógraí seicteacha eile ar thine chnámh ar an Iúr i gContae an Dúin an tseachtain seo caite – ag daoine a bhí ag cur i gcéill gur chomóradh ar an imtheorannú a bhí ar siúl acu. Féasta fuatha ab ea é.

Bhí an port seicteach céanna ag dílseoirí ar an Tulach Ealaidh ar imeall thoir Dhoire a chroch pictiúr Martin McGuinness agus bratach na hÉireann ar thine chnámh an oíche roimh mháirseáil na Apprentice Boys i nDoire Dé Sathairn seo caite.

Lá arna mhárach, rinne cuid den lucht máirseála taispeántas tacaíochta do Pharatrúpaí Arm na Breataine, go háirithe an saighdiúir ‘F’ atá cúisithe i ndúnmharú beirt den trí dhuine dhéag a maraíodh sa chathair Domhnach na Fola agus as iarrachtaí a dhéanamh ceathrar a mharú.

Ghoill an taispeántas sin go mór ar náisiúnaithe Dhoire. Thairis sin thug sé leithscéal do roinnt daoine a dhul i muinín an fhoréigin, dá mba ghá a leithéid i gceantar ina bhfuil easaontóirí poblachtacha gníomhach. Caitheadh buamaí peitril le halla na Apprentice Boys agus ionsaíodh na póilíní a glaodh go dtí an láthair. Caitheadh suas le scór buama peitril san iomlán.

Údar mór díomá ab ea an trioblóid i nDoire – sárú ar mhargadh a rinneadh scór bliain ó shin a chinnteodh go léireodh an dá thaobh meas ar a chéile; bheadh lucht na máirseála tuisceanach do leagan amach náisiúnaithe agus ghlacfadh an pobal náisiúnach leis an bparáid gan cur isteach uirthi. Eiseamláir do gach ceantar eile sa tuaisceart ab ea an socrú sin idir na Apprentice Boys agus áitritheoirí Thaobh an Bhogaigh chomh maith le lucht gnó ar an taobh thiar den chathair. Ba mhór an feall é dá mbainfí an bonn den mhargadh sin.

Rinne an PSNI iarracht a áiteamh ar bhanna ceoil, an Clyde Valley Flute Band as Latharna, siombail na bParatrúpaí agus an litir F a bhaint dá n-éide sula ndeachaigh siad i bhfoisceacht caoga slat do láthair na sléachta ar Dhomhnach na Fola. Dúirt ceannfort na bpóilíní gur dhiúltaigh an banna glan comhoibriú leo. Ó bhí imní ar an PSNI go dtarraingeodh éide an bhanna raic – briseadh na síochána- thionlaic siad iad ar an mháirseáil agus thóg siad ainmneacha chuid acu níos deireanaí.

Tá iompar na bpóilíní cáinte ag dílseoirí agus ag cuid d’ionadaithe an DUP a deir nach bhfuil sé mídhleathach suaitheantas na bParatrúpaí a chaitheamh. Is fíor nach bhfuil sé mídhleathach ach an raibh sé maslach san áit áirithe sin agus ar ghríosú chun achrainn a bhí ann?

B’in í an dara huair a ceistíodh iompar an PSNI i gcaitheamh cúpla lá. Tharraing na póilíní siar ó láthair conspóide ar an Lóiste Nua i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an Déardaoin ar mhaithe le sábháilteacht an phobail. Bhí tine chnámh i gcuimhne ar an imtheorannú tógtha ag daoine óga ansin in aice le hárasáin ar bhóthar poiblí. Bhí pobal an cheantair dubh dóite ina choinne, go leor acu ag líomhnú go raibh siad á gciapadh ag iompar frithshóisialta an dream a thóg an tine.

Chinn an Roinn Infreastruchtúir atá freagrach as bóithre go gcuirfidís conraitheoir isteach chun ábhar na tine a thógáil ar shiúl. Bhí póilíní riachtanach mar gharda don chonraitheoir. Bhailigh slua, mná agus páistí san áireamh, agus chuaigh daoine óga in airde ar an tine mar agóid. Tar éis uaireanta an chloig d’idirbheartaíocht agus ionsaithe ar thriúr oifigeach chinn na póilíní go dtarlódh círéib dá bhfanfaidís ansin. Bhí ionadaithe Shinn Féin ar an láthair freisin ach ní raibh aon aird ag lucht na tine orthu. Mhaígh na póilíní gur easaontóirí poblachtacha a bhí ag ionramháil lucht na hagóide agus gur theastaigh raic uathu. Níos deireanaí san oíche bhris trioblóid amach i measc an tslua, sádh fear le scian (tá beirt cúisithe) agus gortaíodh duine eile le crosbhogha.

Ach an oiread le cinneadh Chomhairle na Cathrach agus an PSNI an mhí seo caite láthair thine a fhágáil faoi smacht na ndaoine a dúradar a bhí á n-ionramháil ag an UVF in oirthear Bhéal Feirste, b’údar imní é gur fágadh an Lóiste Nua faoi smacht lucht na tine agus easaontóirí poblachtacha. Maíonn na póilíní go ndéanann siad breithiúnas i gcomhthéacs na heachtra a bhfuil siad ag déileáil léi agus gur ar dhaoine eile atá an fhreagracht na ceisteanna faoi chomóradh, achrann faoi fhéiniúlacht agus traidisiún nó oidhreacht na dtrioblóidí a réiteach. Tá cuid mhór den cheart acu. Ba cheart a bheith ag tabhairt faoi cheisteanna na dtinte cnámh a réiteach anois do mhí Iúil agus Lúnasa seo chugainn.

Beag an seans, faraor. Mura ndéanfar an obair sin go práinneach, beidh deis ag lucht mioscaise a thuilleadh fuatha a chothú i measc daoine atá ró-óg le tuiscint a bheith acu go gcaithfear a chinntiú nach bhfillfimid ar uafáis na dtrioblóidí.

Fág freagra ar 'Féasta fuatha ó thuaidh agus na marbh á maslú'

  • Seán Mag Leannáin

    Fágann buille ar an mbuille gach duine buailte. Fágann súil ar shúil gach duine dall. Ceachtar acu níos measa ná a chéile. Is ionann an cás an t-éag agus an bás.