Féasta cluichí móra iomána romhainn ar an mbosca beag arís

Agus dhá chluiche ceannais cúige agus dhá chluiche cáilithe á n-imirt níl aon easpa aicsin ann an deireadh seachtaine seo i gcraobh iománaíochta na hÉireann

Féasta cluichí móra iomána romhainn ar an mbosca beag arís

Conor Whelan (Gaillimh) agus Huw Lawlor (Cill Chainnigh). Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tá féasta iomána againn arís an deireadh seachtaine seo agus an dá chluiche ceannais cúige á n-imirt mar aon le dhá cluiche cáilithe. I gCúige Laighean tá ríthe an chúige agus tánaistí chraobh na hÉireann 2019, Cill Chainnigh, ar ais arís agus seaimpíní an chúige in 2017 agus 2018, an Ghaillimh, rompu.

Tá sé deacair go leor a rá cé a bhuafaidh an cluiche seo. Cad is féidir a rá faoi chluiche deireanach na gCat ach gur chluiche aisteach é. Is minic an téarma ‘cluiche dhá leath’ á úsáid nuair a bhíonn foireann amháin go mór in uachtar do leath amháin agus an fhoireann eile sa dara leath. Bhuel leis an sos uisce againn i láthair na huaire, d’fhéadfá ‘cluiche ceithre cheathrú’ a thabhairt ar an gcluiche leathcheannais idir Cill Chainnigh agus Baile Átha Cliath.

Bhuadar an chéad dá ceathrú go héasca.

Chailleadar an tríú ceann le cúpla cúilín agus tugadh stánáil cheart dóibh sa cheathrú dheireanach agus iad taobh le cúilín ag an deireadh chun an bua a fháil. Cén Cill Chainnigh a bheidh i láthair amárach. Bhuel sin í an cheist. Agus ní minic a bhíonn ceist mar sin againn faoi iománaithe Chill Chainnigh faoi stiúir Bhrian Cody. I ndiaidh lagiarracht Átha Cliath seachtain ó shin i gcoinne Chorcaí, bheifeá ag ceapadh nach bhfuil na Cait ar fónamh i mbliana. Feicfimid amárach.

Níor thug an Ghaillimh aon údar amhrais dúinn in aon cheathrú dá gcluiche leathcheannais siúd. Bhí díocas orthu ó thús deireadh, an-dea-eagar orthu agus an lámh in uachtar acu ar Loch Garman ar fud na páirce. Agus ní rabhadar ag brath rómhór ar Joe Canning chun an t-ualach a iompar ach oiread.

Beidh freasúra an lae amárach ag brath go mór ar imreoir amháin. Bhí TJ Reid lárnach i bhformhór na scóranna a fuair Cill Chainnigh sa chéad leath coicís ó shin. Is laoch amach is amach é agus is annamh nach mbíonn tionchar mór ag Reid ar chluiche.

Caithfear é a fhaire go géar amárach agus é a leanúint fad agus leithead na páirce chun a thionchar ar an imirt a mhaolú agus ní mór a bheith an-chúramach chomh maith gan an iomarca pocanna saora a ghéilleadh.

Beidh cath go dtí an deireadh anseo againn. Ón méid a chonaic mé den dá chontae go dtí seo, bheinn ag tuar gurb iad an Ghaillimh a thabharfaidh leo corn Bob O’Keefe don cheathrú huair.

I gCúige Mumhan, taobh amuigh den chéad leath i gcoinne an Chláir, caithfear a rá go raibh Luimneach ar fheabhas go dtí seo.

Tá siad ag ullmhú don chluiche seo mar sheaimpíní an chúige 2019, mar sheaimpíní na sraithe in 2018 agus 2019 agus mar sheaimpíní na hÉireann in 2018. Agus tá gach cuma ar an scéal gur níos fearr atá siad i mbliana.

Níltear ag tabhairt mórán seans do Phort Láirge amárach. Is cinnte go mbeidh siad eagraithe agus ní bheidh aon easpa fonn oibre orthu, ach n’fheadar an bhfuil ar a gcumas neart agus cumhacht Luimnigh a cloí. Bheinn amhrasach faoi sin.

Cuirfear dhá chontae eile de dhroim seoil níos déanaí inniu.

Tá teannas breise de shórt ag baint leis an gcéad chluiche idir contae an Chláir agus Loch Garman. Níl bainisteoir chontae an Chláir, Brian Lohan, rómhór lena sheanchomrádaí Davy FitzGerald, bainisteoir Loch Garman. Ach an rud a tharlóidh ar pháirc na himeartha is tábhachtaí agus bheadh iontas orm murab iad na Carmannaigh a thabharfaidh an chreach leo. Bhí an t-ádh ar an gClár seachtain ó shin i gcoinne Laoise, ach beidh níos mó ná an t-ádh ag teastáil uathu inniu.

Sa chluiche eile piardaí na Mumhan a chasfaidh ar a chéile. Tá stair fhada shuimiúil ag baint leis na cluichí go léir idir Corcaigh agus Tiobraid Árann.

Bhí Corcaigh i bhfad níos fearr an Satharn seo caite ná mar a bhíodar an tseachtain roimhe sin ach beidh orthu a bheith níos fearr fós tráthnóna.

Bhí chuid maith d’imreoirí Thiobraid Árann leachta go maith coicís ó shin i gcoinne Luimnigh. Beidh orthusan iad féin a bheith i bhfad níos fearr inniu agus is dócha go mbeidh.

Fág freagra ar 'Féasta cluichí móra iomána romhainn ar an mbosca beag arís'