Féasta cluichí don iománaí ar an tolg

Níl aon easpa rogha ó thaobh cluichí iománaíochta agus peile ar an teilifís an t-earrach seo

Féasta cluichí don iománaí ar an tolg

Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Bhí sé suimiúil sceideal na gcluichí GAA Beo don earrach a léamh roimh Nollaig agus iad ag fógairt go mbeadh 52 cluiche á dtaispeáint acu ó Eanáir go dtí an chéad Satharn d’Aibreán. Cad é sin mar sheirbhís dár gcluichí náisiúnta? Dar ndóigh tabharfar tús áite do na comórtais sraithe Allianz, idir pheil agus iomáint, sa sceideal cuimsitheach seo.

Beidh cluichí éagsúla á dtaispeáint acu freisin ó chomórtais Sigerson, Fitzgibbon, agus cluichí na scoileanna dara leibhéal.

Dar ndóigh chuireadar tús leis an séasúr leis na cluichí leathcheannais i gcraobh shinsir na gclub sa pheil agus san iomáint mar aon leis an gcluiche sóisir iomána idir cumann Micheál Breathnach agus Fánaithe an Ruiséalaigh seachtain ó shin. Beidh briseadh an tseachtain seo ach ansin, seachtain i ndiaidh seachtaine, beidh rogha bhreá cluichí againn as seo go deireadh na sraithe.

An tseachtain seo chugainn beidh craobh shinsir na gclub againn idir Seamróga Bhaile Héil agus Buiríos Uí Luigheach mar phríomhchluiche, chomh maith le cinn idirmheánacha agus shóisir a bheidh ar bhealach ‘YouTube SpórtTG4’. Agus a leithéid de choimhlintí atá romhainn. Tá mórán cainte an taobh seo tíre faoi cumann an Athar Uí Néill a bheidh ag dul chun páirce i gcoinne Thulach Ruáin agus Conn na gcéad cath, Tommy Walsh, fós ag caitheamh an gheansaí ársa. Agus beidh Fánaithe an Ruiséalaigh, a bhuaigh ar Mhicheál Breathnach, i gcoinne  chumann Seamróga Conachaidh Chill Chainnigh.

Ansin seachtain ina dhiaidh sin beidh dhá chluiche iomána againn, Port Láirge agus Corcaigh beo agus Cill Chainnigh agus Baile Átha Cliath iarbheo. 

Ach dar ndóigh tá níos mó roghanna fós agat más ar an tolg a bheidh tú d’fhormhór chluichí an earraigh mar dar ndóigh tá conradh ag an gcomhlacht Eir le Cumann Lúthchleas Gael a thugann cead dóibh roinnt cluichí sraithe a thaispeáint. Ach cosnóidh an phribhléid sin roinnt airgid ort agus tá gá le conradh bliantúil. Tá siad ag taispeáint cúig chluiche dhéag, idir pheil agus iomáint, le linn fheachtas na sraithe. Faraor níl ach cúig chluiche iomána i gceist, ag tosnú leis an gcluiche faoi shoilse idir seaimpíní na craoibhe, Tiobraid Árann, agus seaimpíní na sraithe Luimneach faoi cheann coicíse. An oíche chéanna beidh siad ag taispeáint Bhaile Átha Cliath in aghaidh Chiarraí agus Dún na nGall in aghaidh Mhaigh Eo sa pheil.

Beidh cúpla cluiche sraithe Sathairn á dtaispeáint freisin ag RTÉ agus beidh an clár League Sunday acu gach Domhnach agus iad ag taispeáint buaicphointí ó mhórán de na cluichí agus ag plé aon mhórscéalta eile a thiocfaidh chun solais.

Leanfaidh TG4 ar aghaidh gach Luan leis an tseirbhís iontach atá á tabhairt acu do chluichí CLG leis an gclár buaicphointí GAA 2020. Dar ndóigh is é an comhlacht Nemeton ó Rinn Ó gCuanach atá ag déanamh éachta le fada agus iad ag soláthar na gcluichí dúinn gach deireadh seachtaine.

Agus más duine thú gur fearr leis an raidió, beidh soláthar cuimsitheach mar is gnáth ag Raidió na Gaeltachta gach deireadh seachtaine agus na cearta acu do na cluichí go léir.

Mar sin, más iománaí ar an gclaí nó saoi ar an suíochán tú beidh rogha iontach agat an t-earrach seo.

Ach má tá ‘fix’ ag teastáil um thráthnóna  beidh ort taisteal chuig Páirc na nGael i Luimneach chun craobh Co-Op Superstores na Mumhan idir an fhoireann bhaile agus Corcaigh a fheiceáil sa pheil agus san iomáint. Agus más duine thú a dtaitníonn cor sa scéal leat, beidh ciceanna nó pocanna pionóis i gceist má chríochnaíonn aon cheann de na cluichí cothrom i ndiaidh gnáthama. 

Fág freagra ar 'Féasta cluichí don iománaí ar an tolg'