Fearg faoi mhaíomh gur ‘ciníochas frithMhoslamach’ is cúis le tacaíocht don ghaeloideachas in Albain

Scríobh an Dr Nighet Riaz go léiríonn polasaithe an rialtais nach bhfuil an meas céanna acu ar Mhoslamaigh agus atá acu ar Albanaigh gheala ach deir lucht tacaíochta na Gàidhlig go bhfuil aitheantas ar leith tuillte ag an teanga

Fearg faoi mhaíomh gur ‘ciníochas frithMhoslamach’ is cúis le tacaíocht don ghaeloideachas in Albain

Ionsaí ‘gránna’ ‘aineolach’ eile é ar an nGàidhlig a rá gur ‘ciníochas frithMhoslamach’ is cúis le maoiniú níos mó a bheith á chur ar fáil don teanga i gcomparáid le mionteangacha eile.

Sin a deir Griogair Labhruidh, ceoltóir aitheanta agus scoláire Gàidhlig, agus é ag tabhairt freagra ar ráiteas a rinne iar-iarrthóir toghcháin de chuid an SNP.

Chuir an Dr Nighet Riaz ‘ciníochas frithMhoslamach’ i leith pholasaí rialtais na hAlban an Gàidhlig a chur chun cinn nuair nach bhfuil tacaíocht cheart á tabhairt do mhionteangacha eile amhail an Urdúis.

Scríobh Riaz, léachtóir in Ollscoil Iarthair na hAlban, alt inar dhúirt sí go léiríonn an polasaí sin nach bhfuil an meas céanna ag an rialtas ar mhionlaigh eitneacha, go háirithe Moslamaigh, agus atá acu “ar Albanaigh gheala dhúchasacha”.

Dúirt sí nach bhfuil maoiniú breise á thabhairt d’aon mhionteanga sa tír seachas don Gàidhlig agus go bhfuil easpa múinteoirí Urdúise ann, go háirithe i nGlaschú, áit ina bhfuil pobal mór de bhunadh na Pacastáine.

“Cuireadh na milliúin punt d’airgead poiblí i leataobh chun Gàidhlig a chur chun cinn agus, ag an am céanna, rinneadh neamhshuim sna scoileanna ar theangacha traidisiúnta daoine neamhgheala.”

Deir Labhruidh áfach go bhfuil stádas ar leith bainte amach ag Gàidhlig mar gurb í teanga dhúchasach na tíre í atá á labhairt in Alban ar feadh na mílte bliain.

Ní hamháin sin, ach deir sé go bhfuil ciníochas ag baint le ráiteas Riaz gur ‘Albanaigh gheala’ iad cainteoirí dúchais na Gàidhlig, seachas dream a bhfuil cultúr ar leith acu.

“Tá Riaz ag tabhairt le fios gur ‘Albanaigh gheala’ amháin iad na Gàidheal, pobal dúchais na nGarbhchríocha agus oileáin na hAlban, seachas mionlach eitneach ar leith.

“Níl sé seo fíor ar chor ar bith. Ní fhéadfadh intleachtóir ar bith é sin a shéanadh nuair atá teanga agus cultúr dár gcuid féin againn. Tá sé aineolach agus ciníoch ‘Albanaigh gheala’ amháin a thabhairt orainn.”

Deir Griogair Labhruidh go n-aontaíonn sé le Riaz go bhfuil dualgas ar an rialtas tacaíocht a thabhairt do na mionteangacha ar fad atá á labhairt in Alban ach nár cheart go mbeadh an Gàidhlig thíos leis.

Fág freagra ar 'Fearg faoi mhaíomh gur ‘ciníochas frithMhoslamach’ is cúis le tacaíocht don ghaeloideachas in Albain'

  • Lorcán

    An aineolas simplí é tuairim an Dr Nighet Riaz? Gael na hAlbain ag iarriadh tacaíocht/maoinú do theanga dúchais na tíre, agus iad “ciníoch” agus “frithMhoslamach” dá bharr ?
    Cúisimh áiféiseacha atá iontú. Dochreidte!