Fearg ar POBAL mar gheall ar an tua a bheith tite arís ar eagrais Ghaeilge

Pingin ar bith faighte ag POBAL ón gComhairle Ealaíon inniu. ‘Leatrom’ á dhéanamh ag an gComhairle Ealaíon ó thuaidh ar phobal na Gaeilge

J Muller

Tá POBAL, an scatheagras Gaeilge i dTuaisceart Éireann, feargach “go bhfuil an tua ag titim arís ar eagrais Ghaeilge” ó thuaidh. Fógraíodh inniu go gcuirfí deireadh leis an maoiniú do roinnt eagraíochtaí ealaíon i dTuaisceart Éireann.

Tá POBAL, scátheagras do phobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, ar cheann den dá eagras as sé cinn a chaill an deontas ón gComhairle Ealaíon inniu. Dúirt Príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller, go bhfuil leatrom á dhéanamh ar phobal na Gaeilge ó thuaidh de dheasca na gciorruithe seo.

“Cuireann sé fearg orainn go bhfuil an tua ag titim arís ar eagrais Ghaeilge. As 109 eagras a fuair deontais, ní raibh ach 5 eagras Gaeilge san iomlán (4.5 % den iomlán). As an sé eagras a chiall a dheontas, bhí dhá eagras Gaeilge ann (33.3% den iomlán). Creideann muid go bhfuil leatrom á dhéanamh ag an Chomhairle Ealaíon ó thuaidh ar phobal na Gaeilge,” a dúirt sí.

Chaill Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, cumann a chuireann an Ghaeilge agus na healaíona agus an cultúr Gaelach chun cinn i mBéal Feirste, maoiniú freisin. Ní raibh urlabhraí ón gCumann ar fáil do Tuairisc.ie tráthnóna.

Fág freagra ar 'Fearg ar POBAL mar gheall ar an tua a bheith tite arís ar eagrais Ghaeilge'