Fearas foirfe, sciobtha agus éasca do thriomú agus do chóiriú gruaige ar fáil, ach costas ollmhór air

Tá gléas nuálach a bhfuil dearadh ceannródaíoch air forbartha ag James Dyson

Fearas foirfe, sciobtha agus éasca do thriomú agus do chóiriú gruaige ar fáil, ach costas ollmhór air

Is cinnte gur saineolaí a bhfuil éirim chinn dhochreidte aige é James Dyson, an dearthóir innealtóireachta cáiliúil ón mBreatain.

Is dócha gur ar an bhfolúsghlantóir a dhear sé a oibríonn gan aon mhálaí salachair is túisce a chuimhneodh duine nó ar an triomadóir lámh ar a dtugtar Airblade a bhíonn le feiceáil i leithris go minic agus a úsáideann aer te le lámha a thriomú seachas tuáillí a bhíonn le hathrú go rialta.

An cháil is mó atá ar Dyson ná gur maith leis neamhaird a thabhairt ar na táirgí atá ar an margadh cheana féin agus smaoineamh ón tús arís ar chur chuige úrnua ar fad le fadhb a réiteach.

Thug sé aghaidh ar chúrsaí áilleachta agus stíle cúpla bliain ó shin nuair a dhear sé triomadóir gruaige cáiliúil ar a dtugtar Supersonic. Tá an chlisteacht a bhain leis an triomadóir sin aitheanta i bhfad agus i ngearr agus éileamh ollmhór i gcónaí air cé go bhfuil sé fíorchostasach, mar a bhíonn cuid mhaith de chuid táirgí Dyson i gcónaí.

Tá fearas nua gruaige ar a dtugtar Airwrap díreach seolta ag Dyson le gruaig a thriomú agus le stíl a chur uirthi.  Leis an ngléas seo is féidir an ghruaig a dhíriú nó coirníní ar chur inti chomh maith lena triomú ag an am céanna. 

Tá giuirléidí éagsúla, ceithre cinn ar fad, i dteannta na huirlise seo agus baintear úsáid astu ag brath ar an bhfeidhm atá ag duine leo. D’fhéadfaí a rá gur leagan níos lú den triomadóir Supersonic atá mar bhunús leis an iarracht seo.

An rud is suntasaí faoin uirlis nua seo ná go n-úsáideann sé an t-aer ar bhealach úrnua chun an stíl a chur sa ghruaig rud a chiallaíonn nach mbíonn teas ollmhór á úsáid fearacht mar a bhíonn ag triomadóirí de ghnáth. Fágann sin gur rogha níos sábháilte é an Airwrap agus go ndéanann sé níos lú dochair don ghruaig féin.

Maidir le coirníní a chur i do chuid gruaige, tá bealach ar leith ag an uirlis nua seo le greim a fháil ar dhual den ghruaig agus í a chasadh timpeall ar bhairille lárnach na huirlise

Is anseo a thagann saineolas teicneolaíocht James Dyson i gceist agus fágann an modh oibre atá aimsithe aige go bhfuil an uirlis nua seo go mór chun cinn ar aon cheann a bhí ar an margadh go dtí seo. Smaoinigh ar an eolaíocht ar a dtugtar an chuilithe (vortex) nó ar an scairdinneall in eitleán!

Buntáiste an-mhór eile atá ag an Airwrap nua gur lú i bhfad ama agus stró a thógfaidh sé ar dhuine a chuid gruaige a thriomú agus stíl a chur inti. Foirfe, sciobtha agus éasca – sin iad na buntáistí móra leis an uirlis seo. 

Is cinnte gur gléas nuálach é seo a bhfuil ceannródaíocht i gceist leis ach, faraor, tá deacracht mhór amháin ag baint leis freisin – an costas. €499.99 an praghas atá ar an Airwrap sa tír seo. Is trua le rá nach mbeidh in acmhainn é a cheannach ach an beagán a bhfuil neart airgid acu. 

Tá a fhios agam go maith go gceannófá triomadóir gruaige maith ar bheagán le cois €30 agus go bhfaighfeá díritheoir gruaige ar €60. Ach nuair a bhuafar an lotto seo ceann le cur ar an liosta tosaíochta ar an bpointe!

Agus idir an dá linn, céard faoin tseift is deireanaí le coirníní a chur i do chuid gruaige? Seo cleas atá ag scaipeadh go tréan ar na meáin shóisialta le cúpla seachtain anuas. Ní theastaíonn ach buidéal folamh plaisteach agus triomadóir simplí gruaige agus beidh cloigeann lán coirníní ort a mbeidh gach duine in éad leo. Féach an físeán seo:

Fág freagra ar 'Fearas foirfe, sciobtha agus éasca do thriomú agus do chóiriú gruaige ar fáil, ach costas ollmhór air'