Fear sna fichidí a maraíodh i dtimpiste bóthair i gConamara ainmnithe ag na Gardaí

Maraíodh Declan Clyne, 27 bliain d’aois, nuair a bhuail a charr faoi chlaí sa Spidéal i gConamara aréir

Road
Bóthar an R336 ag Baile Liam, An Spidéal.

Tá an fear óg a maraíodh aréir i dtimpiste bóthair sa Spidéal, Co. na Gaillimhe, ainmnithe ag na Gardaí.

Maraíodh Declan Clyne, 27 bliain d’aois, as Indreabhán i gConamara, nuair a bhuail a charr faoi chlaí ar bhóthar an R336 ag Baile Liam, taobh thoir de shráidbhaile an Spidéil, go gairid roimh mheán oíche aréir.

Tugadh an fear óg in otharcharr go dtí Ospidéal Choláiste na hOllscoile i nGaillimh agus fógraíodh ina dhiaidh sin go raibh sé marbh.

Dúnadh bóthar an R336 idir an sráidbhaile agus Baile an tSagairt thar oíche agus ar maidin chun deis a thabhairt d’fhoireann dlí-eolaíochta na nGardaí scagadh a dhéanamh ar láthair na timpiste. Osclaíodh an bóthar arís roimh mheán lae.

D’iarr an Garda Síochana ar aon duine a mbeadh eolas acu faoi thimpiste na hoíche aréir teagmháil a dhéanamh le stáisiún Gardaí Bhóthar na Trá ag 091-514720 nó 1800 666 111.