Fear óg básaithe i dtimpiste bhóthair ar an gCeathrú Rua

Tá iarrtha ag na Gardaí i mBóthar na Trá ar aon duine a chonaic an timpiste ar Bhóthar Dhoire Fhatharta teagmháil a dhéanamh leo

Fear óg básaithe i dtimpiste bhóthair ar an gCeathrú Rua

Tá eolas á lorg ag na Gardaí faoi thimpiste bhóthair inar maraíodh fear óg ar Bhóthar Dhoire Fhatharta ar an gCeathrú Rua i gConamara aréir.

Ag thart ar 3.50am a tháinig na Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar láthair na timpiste, inar bhásaigh an tiománaí, fear as an gCeathrú Rua a bhí sna tríochaidí,

Carr amháin a bhí sa timpiste agus fógraíodh ar an láthair go raibh an tiománaí marbh.

Bhí fear eile, atá thart ar scór bliain d’aois agus arb as an gCeathrú Rua é chomh maith, sa suíochán paisinéara. Tugadh in otharcharr é go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh é. Ní bhaineann son bhaol báis leis na gortuithe a d’fhulaing sé.

Tá iarrtha ag na Gardaí i mBóthar na Trá ar aon duine a chonaic an timpiste teagmháil a dhéanamh leo.

Bhí lucht na hOifige um Imscrúdú Fóiréinseach ar Imbhuailtí le scrúdú a dhéanamh ar láthair na timpiste ar maidin.

Fág freagra ar 'Fear óg básaithe i dtimpiste bhóthair ar an gCeathrú Rua'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam.