Fear óg a maraíodh i dtimpiste bhóthair ar an gCeathrú Rua ainmnithe

Ba as an gCaorán Beag ar an gCeathrú Rua do Mhaitiú Ó Domhnaill, fear a raibh aithne mhór agus cion mór air ina cheantar dúchais agus a bhí ina imreoir peile cumasach lena chlub

Fear óg a maraíodh i dtimpiste bhóthair ar an gCeathrú Rua ainmnithe

Maitiú Ó Domhnaill ag imirt in aghaidh Naomh Conaill sa chluiche leathcheannais i gComórtas Peile na Gaeltachta 2018 sna Dúnaibh, Dún na nGall. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá an fear óg a maraíodh i dtimpiste bhóthair go moch maidin Dé Sathairn ar an gCeathrú Rua i gConamara ainmnithe.

Ba as an gCaorán Beag ar an gCeathrú Rua do Mhaitiú Ó Domhnaill, fear a raibh aithne mhór agus cion mór air ina cheantar dúchais agus a bhí ina imreoir peile cumasach le CLG na Ceathrún Rua.

Tá muintir an bhaile Ghaeltachta faoi scamall bróin ó tháinig an drochscéala faoin timpiste ar Bhóthar Dhoire Fhatharta maidin Dé Sathairn.

Rinne CLG na Ceathrún Rua comhbhrón le páirtí, iníon, tuismitheoirí, clann agus gaolta Mhaitiú Uí Dhomhnaill.

“Thug Maitiú a chroí agus a anam i gcónaí nuair a tharraing sé air geansaí an chumainn. Is iomaí corn nó comórtas buaite ag foirne faoi aois agus sa ngrád sinsir a raibh ról lárnach ag Maitiú iontu. Tá cuimhní iontacha againn ar fad ar chúil dhochreidte,  píosaí imeartha spleodracha, luas lasrach agus crógacht Mhaitiú ar an bpáirc imeartha.

“Thug Maitiú an-mhisneach dá comhimreoirí i gcónaí de bharr a chuid crógachta agus ní raibh sé sásta riamh glacadh leis go raibh an cath caillte in aon chluiche.  Níl focail ann chun cur síos ar cé chomh mór a aireoidh muid uainn é sa gcumann. Tá clann Uí Dhomhnaill ar fad fite fuaite sa gcumann agus iad inár smaointe agus paidreacha…”

Diarmuid Mac Donnacha, ar dheis, ag déanamh comhghairdeachais le Maitiú Ó Domhnaill agus an bua faighte ag an gCeathrú Rua ar Naomh Conaill i gComórtas Peile na Gaeltachta 2018  Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ag thart ar 3.50am maidin Dé Sathairn a tháinig na Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar láthair na timpiste. Carr amháin a bhí sa timpiste agus fógraíodh ar an láthair go raibh Maitiú Ó Domhnaill, a bhí sna tríochaidí, marbh.

Beidh aifreann na sochraide ar siúl ag meán lae Dé Céadaoin seo chugainn i Séipéal Mhic Dara ar an gCeathrú Rua. Cuirfear Maitiú Ó Domhnaill tar éis an aifrinn i Reilig Bharr a’Doire. Iarrtar ar daoine gan bláthanna a thabhairt ach is féidir síntiús a thabhairt d’Ospís na Gaillimhe.

De bharr na paindéime Aifreann don chlann amháin a bheidh ann ach craolfar é anseo.

“Méala mór a bhás”, a dúradh, dá pháirtí Róisín agus a iníon Emily, a athair Liam Pheadair Sheáin, a mháthair Mairéad Mhicil Khate, a dheirfiúr Lorraine agus a fear céile Kenneth, a dheartháir Liam Eoin agus a bhean chéile Ailbhe, a nianna, Seán agus Odhrán, a neachtanna, Ruth agus Freya, agus a ghaolta agus cairde.

Bhí fear eile, atá thart ar scór bliain d’aois agus arb as an gCeathrú Rua é chomh maith, i suíochán paisinéara an chairr nuair a tharla an timpiste.  Tugadh in otharcharr é go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Ní bhaineann aon bhaol báis leis na gortuithe a d’fhulaing sé.

D’iarr na Gardaí i mBóthar na Trá ar aon duine a chonaic an timpiste teagmháil a dhéanamh leo.

Rinne cigirí ón Oifig um Imscrúdú Fóiréinseach ar Imbhuailtaí scrúdú ar láthair na timpiste inné.

Fág freagra ar 'Fear óg a maraíodh i dtimpiste bhóthair ar an gCeathrú Rua ainmnithe'

  • Á. S. Ó Conaill

    Cuirimid ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá mhuintir.