‘Fear nár chaill an ceangal lena áit dúchais agus lena chultúr’ – Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta bronnta ar Thomás Mac Eoin

Roghnaíodh Tomás Mac Eoin, nó Tomás Jimmy, mar a thugtar air, do Ghradam RTÉ Raidió na Gaeltachta chun aitheantas a thabhairt don obair a rinne sé ar son teanga

‘Fear nár chaill an ceangal lena áit dúchais agus lena chultúr’ – Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta bronnta ar Thomás Mac Eoin

Ar Thomás Mac Eoin, amhránaí, cumadóir, file agus aisteoir as an Cheathrú Rua i gConamara a bronnadh gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbliana.

Roghnaíodh Tomás Mac Eoin, nó Tomás Jimmy, mar a thugtar air, don ghradam chun aitheantas a thabhairt don obair a rinne sé ar son teanga agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Feirmeoir, fear pobail agus amhránaí aitheanta ar an sean-nós is ea Tomás Mac Eoin, a bhain cáil amach leis an ghrúpa The Waterboys ag deireadh na nóchaidí. Tá sé le cloisteáil ar albam rathúil an ghrúpa, Fisherman’s Blues, a eisíodh i 1998.

Agus an gradam á fhógairt, dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, gur fear é Tomás a chuir an cultúr chun cinn agus nár chaill ceangal lena phobal féin a riamh.

Tomás Mac Eoin le Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta

“Is amhránaí, cumadóir, file, aisteoir agus fear siamsaíochta é Tomás, nár chaill an ceangal lena phobal riamh, nó an ceangal lena áit dúchais agus lena chultúr.

Chuir sé an cultúr sin chun cinn i measc a mhuintire féin, ach mar gheall ar a chuid oibre le The Waterboys, bhí tionchar i bhfad níos leithne ná sin aige, ag cuidiú le scaipeadh na teanga agus an cultúr a théann léi, ar phobal an Bhéarla.

“Is  gradam é seo ón Raidió agus ó phobal éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta do dhuine speisialta, do phearsa faoi leith.  Comhghairdeas le Tomás, go maire sé a nuacht,” a dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Agus an tOireachtas ar ceal i mbliana, fógraíodh buaiteoir Ghradam Raidió na Gaeltachta na bliana seo ar chlár Mháirtín Tom Sheáinín, Ceiliúradh an Oireachtais, a craoladh ar an stáisiún Gaeilge ag an deireadh seachtaine.

Is é an dealbhóir Jarlath Daly a dhear an gradam, atá déanta as cré-umha. Tá íomhá an Triskel Ceilteach air, a sheasann d’obair RTÉ Raidió na Gaeltachta. Seasann na nótaí ceoil, an aghaidh fidil agus siombailí na drámaíochta atá air do shaothar Thomáis Mhic Eoin.

Fág freagra ar '‘Fear nár chaill an ceangal lena áit dúchais agus lena chultúr’ – Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta bronnta ar Thomás Mac Eoin'

  • Áine

    Nach é an peaca é gurb é a thionchar ar phobal an Bhéarla an slat tomhais ar a cháil ………..agus ní an tionchar ollmhór a bhí aige ar a mhuintir fhéin, ina phobal fhéin, sa nGaeltacht, i measc phobal labhartha na Gaeilge nuair a chuaigh sé i measc lucht an domhain mhóir.
    Bhí sé agus tá sé agus beidh sé ar chomhchéim leo mar gur fear uasal ionraic Gaelach é a raibh a bhealach fhéin spraíúil stuama leis agus a raibh buanna ar leith aige.
    Bhí an gradam tuillte aige mar gheall ar a chuid filíochta, drámaíochta, ceoil agus eile agus mura mbeadh ‘cáil’ riamh air i ndomhain an Bhéarla fhéin….bheadh an gradam ag gabháil dhó……ach faraor mura ndeireann daoine ‘áirithe ón taobh amuigh’ go bhfuil rud éigin speisialta faoin méid atá fós beo sa nGaeltacht…. níl aon mhaith déanta mar a déarfadh an té a dúirt.
    Go mba fada buan Tomás agus an cultúr Gaelach as a faiscíodh é.
    Nach mba dheas é mura mbeadh fuacht ná faitíos orainn ceiliúradh a dhéanamh ar ár muintir fhéin… fiú iadsan nach mbeadh i mbéal an phobail mhóir a bhfuil ardmheas ag lucht ceannasaíochta eagraíochtaí náisiúnta Gaeilge orthu, cé gur mar gheall ar an ‘nGaeltacht’ a bunaíodh iad…..ábhar machnaimh!!
    Go maire Tomás Mac Eoin a ghradam…. an teachtaireacht is tábhachtaí ar ndó!!