Fear Mhuiceanach idir Dhá Sháile os cionn a bhuille i Float like a Butterfly

Saothar é scannán nua Carmel Winters a bhfuil briseadh croí, ardú croí agus ábhar machnaimh araon ann ach is iad Hazel Doupe agus Dara Devaney a dhéanann saothar ar leith de

Fear Mhuiceanach idir Dhá Sháile os cionn a bhuille i Float like a Butterfly

Float like a Butterfly

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Carmel Winters

Cliar: Hazel Doupe, Dara Devaney, Johnny Collins, Hilda Fay, Lalor Roddy.

Tá meascán mearaí de sheánraí agus de théamaí le sonrú sa saothar mothúchánach, cumasach seo. Is scannán dornálaíochta é mar aon le bheith ina scannán bóthair; tugann sé éachtaint ar an gcos ar bolg a imrítear ar phobal imeallaithe mar aon le cíoradh a dhéanamh ar róil inscne.

Léirítear leis briseadh croí an bháis agus saol cailín óig atá ag teacht in inmhe. I ndeireadh na dála, áfach, is scannán é seo faoi athair is iníon agus is iad an bheirt cheann feadhna, Hazel Doupe agus Dara Devaney, a dhéanann an scannán seo a iompar agus a dhéanann saothar ar leith de.

I radharc méaldrámata ag tús an scannáin címid teaghlach den lucht siúil, muintir Joyce, suite timpeall na tine in iarthar Chorcaí na seascaidí. Léirítear iad mar theaghlach dlúth agus dream atá teann as a ndúchas. I ndiaidh tragóide agus foréigin déantar Michael (Devaney) a chur i ngéibheann ar feadh ocht mbliana.

Gabhaimid ar aghaidh ocht mbliana agus címid Michael ag filleadh ar a theaghlach. Ní nach ionadh imríonn an braighdeanas fada tionchar nach beag ar a chaidreamh lena chlann, lena iníon, Frances (Doupe), ach go háirithe.

Léirítear í mar chailín teasaí, diongbháilte agus thiufáilte. Cuirtear malartú sna róil inscne os ár gcomhair óir go léirítear Patrick (Collins) mar bhuachaill beag séimh agus lách. Tá Muhammad Ali mar laoch ag Frances agus níl uaithi ach dul go Baile Átha Cliath len é a fheiscint i mbun troda.

Cuireann seo ar fad frustrachas agus an ghoimh ar Michael; fear atá luite leis an ól agus ag streachailt lena shaol nua agus bás a mhná céile. Dar leis nach bhfuil a mhac fearúil go leor agus go bhfuil a iníon rófhearúil.

Is léir gur caitheadh dua le saol an lucht siúil ag an am a chur os ár gcomhair. Ní den lucht siúil í Winters ná éinne den bheirt cheann feadhna, rud a dhéanann a gcúraimí níos cigiltí.

Tríd is tríd is léiriú báúil a fhaighimid ar lucht siúil na tréimhse cé nach leasc le Winters, ar uairibh, idir chraiceann agus chnámha, a thabhairt dúinn. Léirítear an cultúr patrarcach, áit nach leasc leis na fir mná a bhualadh. Tráchtar ar chleamhnas Frances mar shlí iontach leis an teaspach a bhaint di. Lena chois sin dírítear ar an neamhshuim san oideachas foirmiúil agus an tslí go raibh sin bainteach leis an neamart a dhein an córas orthu. Ar an láimh eile taibhsíodh dom gur carachtair aontoiseacha iad na daoine ón bpobal socraithe a cuireadh os ár gcomhair.

Faoi mar a luas thuas siad Doupe/Devaney agus caidreamh a gcarachtar croí an scannáin. Tugann Doupe, nach bhfuil ach seacht mbliana déag d’aois, taispeántas caolchúiseach, cumhachtach uaithi. Tá Devaney iontach mar chéile aisteoireachta di agus léiríonn fear Mhuiceanach idir Dhá Sháile arís eile gur aisteoir ildánach fíorchumasach é.

Saothar é seo a bhfuil briseadh croí, ardú croí agus ábhar machnaimh le sonrú ann.

Fág freagra ar 'Fear Mhuiceanach idir Dhá Sháile os cionn a bhuille i Float like a Butterfly'