Fear maraithe ag na póilíní i Sasana i ndiaidh eachtra sáite

Tá fear maraithe ag póilíní Shasana i ndiaidh eachtra sáite gar do Dhroichead Londan inar gortaíodh cúigear

Fear maraithe ag na póilíní i Sasana i ndiaidh eachtra sáite

Tá póilíní Shasana ag caitheamh le heachtra sáite a tharla ar Dhroichead Londan tráthnóna amhail is gur ghníomh sceimhlitheoireachta a bhí ann.

Díreach roimh 2pm a cuireadh fios ar na póilíní chuig an láthair. Tuairiscítear gur gortaíodh roinnt daoine san eachtra agus gur lámhach na póilíní fear a raibh amhras faoi agus gur maraíodh é.

Tuairiscíodh chomh maith go bhfacthas scliúchas ar an droichead níos luaithe nuair a rinne roinnt fear ionsaí ar fhear eile.

Tháinig na póilíní ar an láthair agus chualathas cúpla urchar.

Ní heol do na póilíní go fóill céard go baileach ba bhun leis an eachtra ach dúradh gur mar “bheartas cosanta” atáthar ag caitheamh léi mar eachtra sceimhlitheoireachta.

Tá fear á choinneáil ag na póilíní i dtaca leis an eachtra ar thug na seirbhísí otharchairr “eachtra thromchúiseach” uirthi.

Dúnadh stáisiún traenach London Bridge agus níl cead isteach sa cheantar sin faoi láthair.

In 2017 maraíodh ochtar ar Dhroichead Londan nuair a thiomáin sceimhlitheoirí veain isteach i slua coisithe sular ionsaigh siad daoine le sceana sa cheantar máguaird.

Fág freagra ar 'Fear maraithe ag na póilíní i Sasana i ndiaidh eachtra sáite'