Fear gafa i ndiaidh mhóreachtra shlándála sna Cúirteanna Teaghlaigh

Shiúil fear isteach sa chúirt ar maidin agus gunna bréige agus gaireas a raibh amhras faoi aige

Fear gafa i ndiaidh mhóreachtra shlándála sna Cúirteanna Teaghlaigh

Gabhadh fear i mBaile Átha Cliath inniu i ndiaidh eachtra sna Cúirteanna Teaghlaigh inar shiúil fear isteach agus gunna bréige agus gaireas a raibh amhras faoi aige.

Timpeall 11.30 ar maidin a cuireadh fios ar na Gardaí faoin eachtra a tharla le linn éisteacht chúirte i Margadh na Feirme.

Is amhlaidh gur shiúil an fear isteach go dtí Cúirt 22, mar a raibh cás á éisteacht ag an mBreitheamh Susan Ryan, agus gur thosaigh sé ag béicigh.

Tuairiscítear go raibh cás a bhain leis an bhfear beartaithe sna Cúirteanna Teaghlaigh.

Mhaígh an fear, atá anois á choinneáil i stáisíun Bridewell, go raibh gunna aige ach is cosúil anois gur ghunna bréige a tharraing sé amach.

Tá an gaireas a bhfuil amhras faoi á scrúdú ag Meitheal Diúscartha Ordanáis Phléascaigh an Airm agus bogadh gach duine amach as an bhfoirgneamh fad is atáthar ag leanúint leis na fiosruithe faoin eachtra.

Tá stop curtha le líne dhearg na seirbhísí Luas de bharr na heachtra.

Fág freagra ar 'Fear gafa i ndiaidh mhóreachtra shlándála sna Cúirteanna Teaghlaigh'