Fear gafa i dtaobh na tubaiste sa Chraoslach

Fear sna seascaidí an té a gabhadh mar chuid den fhiosrúchán atá ar bun maidir leis pléasc a tharla i dTír Chonaill in 2022

Fear gafa i dtaobh na tubaiste sa Chraoslach

Tá fear gafa i dtaobh na tubaiste a tharla san Chraoslach trí bliana ó shin.

Fear sna seascaidí an té a gabhadh mar chuid den fhiosrúchán atá ar bun maidir leis pléasc a tharla ar an bhaile sin i dTír Chonaill in 2022, tubaiste a bhí ina siocair bháis ag deichniúr.

Faoin Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine 1997 a gabhadh an fear maidir le cionta líomhnaithe a sháraigh an tAcht.

Tá an fear á choinneáil i stáisiún Garda san iarthuaisceart.

Maraíodh deichniúr nuair a tharla pléasc i bhfoirgneamh san Chraoslach i gcontae Dhún na nGall ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.

Meastar gur gás a sceith ba chúis leis an bpléasc agus tá fiosrúchán coiriúil ar bun ina leith ó shin.

Tá an fiosrúchán á chomhordú as Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach agus tacaíocht á cur ar fáil ag Biúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil an Gharda Síochána, chomh maith le háisíneachtaí eile.

Fág freagra ar 'Fear gafa i dtaobh na tubaiste sa Chraoslach'