Fear Gaeltachta tofa ina leas-uachtarán ar INTO

An leas-uachtarán nua as Mullach Dubh sna Rosa ar son moltaí oideachais Gaeltachta agus maoiniú breise do COGG

John Boyle

Tá John Ó Baoill, as Mullach Dubh sna Rosa ó dhúchas, tofa ina leas-uachtarán ar Chumann Múinteoirí Éireann. Tá Ó Baoill ina phríomhoide ar Scoil Náisiúnta Cholm Cille i gCnoc Liamhna i mBaile Átha Cliath le cúig bliana anuas.

Dúirt an leas-uachtarán nua le Tuairisc.ie inné go mbeidh sé ag iarraidh a chinntiú go dtabharfar maoiniú breise don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

“Glacaim leis na moltaí oideachais a tháinig amach anuraidh, ní hamháin don Ghaeltacht ach sa Ghalltacht fosta. Tá siollabas nua ann ach ní thig feabhas a chur ar chaighdeán na Gaeilge mura mbíonn na háiseanna ar fáil. Ba mhaith liom dá mbeadh níos mó airgid ag COGG. Tháinig ciorruithe móra le cúig bliana anuas ach tá COGG fós ann buíochas le Dia,” a dúirt sé.

Ar na rudaí eile ar mhaith le hÓ Baoill a bhaint amach le linn a thréimhse mar leas-uachtarán ar an INTO tá “cothrom na féinne don bhunscolaíocht agus do mhúinteoirí óga atá ar phá íseal”.

“Caitear €0.92 in aghaidh an dalta le bunscoil a reáchtáil. Caitear €1.73 in aghaidh an dalta le meánscoil a reáchtáil. Níl cothrom na féinne ansin. Tá mé ag iarraidh go ndéanfaí níos mó infheistíochta sa chóras atá ann agus go dtabharfaí cothrom na féinne do na múinteoirí óga atá ag tosú anois agus iad ar phá atá níos ísle ná múinteoirí eile,” a dúirt sé.

Rugadh agus tógadh John Ó Baoill i Mullach Dubh, na Rosa. D’fhreastail sé ar an mbunscoil ansin ar feadh tamaill sular bhog sé go Scoil Naomh Dúigh in Anagaire. Fuair sé a chuid meánscolaíocht ag Pobalscoil Chloich Cheannfhaola. Bronnadh céim ar i gColáiste Pádraig i mBaile Átha Cliath agus chaith sé 15 bliain ina dhiaidh sin ag múineadh i Scoil Mhuire i mBaile Baodáin i mBaile Átha Cliath. 

Is ball é de Bhanna Drumaí agus Píob Mhullach Dubh, agus caitheann sé go leor ama ag plé le cúrsaí CLG. Bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann na mBunscol Átha Cliath tuairim is cúig bliana déag ó shin agus bhíodh sé ina chathaoirleach ar Na Fánaithe CLG i mBaile Baodáin ar feadh deich mbliana.

Fág freagra ar 'Fear Gaeltachta tofa ina leas-uachtarán ar INTO'

  • Lillis Ó Laoire

    Sin ceann maith.