Fear Gaeltachta le feidhmiú mar Choimisinéir na nGardaí ar feadh cúig seachtaine

Is ar Dhónall Ó Cualáin as Carna a leagfar cúraimí Choimisinéir na nGardaí fad a bheidh Nóirín O’Sullivan ar saoire cúig seachtaine

Fear Gaeltachta le feidhmiú mar Choimisinéir na nGardaí ar feadh cúig seachtaine

An Leas-Choimsinéir, Dónall Ó Cualáin. Pictiúr: Leah Farrell: RollingNews.ie

Fear Gaeltachta a bheidh ag feidhmiú mar Choimisinéir na nGardaí fad is atá Nóirín O’Sullivan ar saoire.

Is é an Leas-Choimsinéir Dónall Ó Cualáin, as Carna ó dhúchas ach atá ag cur faoi i gCois Fharraige le fada an lá, a bheidh ag feidhmiú mar choimisinéir agus Nóirín O’Sullivan ar saoire ar feadh cúig seachtaine go leith. Beidh cumhachtaí agus cúraimí an Choimisinéara á leagan ar fhear Charna ar feadh na tréimhse sin.

Fágann sé sin gurb é Ó Cualáin a chasfaidh leis an Údarás Póilíneachta an tseachtain seo chugainn, ócáid ag a ndéanfar athbhreithniú ar thorthaí na tuarascála a rinne an Coiste um Chuntais Phoiblí faoi chúrsaí airgeadais ag coláiste oiliúna an Gharda Síochána sa Teampall Mór i dTiobraid Árann.

Thug Ó Cualáin tréimhse mar sháirsint ar Inis Mór agus thug sé seal chomh maith mar cheannfort sna Gleannta i nDún na nGall. D’oibrigh sé ina dhiaidh sin arís mar Ard-Cheannfort i gcathair na Gaillimhe sular ceapadh mar choimisinéir cúnta é.

Bhí an Leas-Choimisinéir John Twomey ag obair in ionad O’Sullivan ag cruinnithe de chuid an Údaráis Póilíneachta roimhe seo ach is é Ó Cualáin a ghlacfaidh an fhreagracht an uair seo.

Dúirt ceannaire an Údaráis Póilíneachta, Conor Lally, gur “trua” é go mbeidh an Coimisinéir Nóirín O’Sullivan ar saoire nuair a bheidh cruinniú na seachtaine seo chugainn ar siúl.

“Is é an trua é nach mbeidh an coimisinéir ar fáil do chruinniú an Iúil. Ach dúirt sí linn nach mbeadh. Níl aon fheidhm againn maidir lena saoire. Baineann ár sainchúram leis an eagraíocht ar fad,” a dúirt Josephine Feehily, cathaoirleach an Údaráis Póilíneachta.

Beidh O’Sullivan ar ais in am do chruinniú Mheán Fómhair an Údaráis Póilíneachta nuair a phléifear an fiosrúchán a rinneadh faoin agóid uisce i Ráth Miontáin i mBaile Átha Cliath agus staitisticí dúnmharaithe.

Dúirt foinsí sinsearacha sa Gharda Síochána nach rud as an ngnáth é go rachadh an coimisinéir ar saoire an tráth seo bliana ó tharla nach mbíonn an Dáil ná na cúirteanna ina suí.

Tá cáineadh déanta, áfach, ag baill an Choiste um Chuntais Phoiblí ar fhad na saoire, go háirithe ó tharla nach bhfuil aon fhreagra tugtha ag O’Sullivan ar an gcáineadh a rinneadh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coiste faoi chleachtais áirithe i gcoláiste oiliúna na ngardaí sa Teampall Mór agus an bealach ar dhéileáil sí leis.

Fág freagra ar 'Fear Gaeltachta le feidhmiú mar Choimisinéir na nGardaí ar feadh cúig seachtaine'

  • Seán Mag Leannáin

    Is mór an trua nach féidir bheith ag súil lena mhacasamhail de seo (Gaeilgeoir mar cheannaire nó ag teacht i gcomharbacht ar cheannaire) in aon eagras mór eile de chuid an Stáit. Cén fáth? Mar níl siad ann.

  • Sean

    Is feidir le noir in dul ar saoire nios faide