Fear Gaeltachta roghnaithe i measc na bpeileadóirí óga is fearr sa tír

Roghnaíodh Maitias Bairéad, as Leitir Mealláin inGaeltacht Chonamara, ar dhuine den 20 imreoir is fearr sa chraobh peile faoi 20 i mbliana

Fear Gaeltachta roghnaithe i measc na bpeileadóirí óga is fearr sa tír

Maitias Bairéad ag imirt do pheileadóirí na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Tá fear Gaeltachta roghnaithe ar dhuine de na himreoirí is fearr a d’imir i gcraobh peile na hÉireann faoi 20 i mbliana.

Roghnaíodh Maitias Bairéad, arb as Leitir Mealláin i nGaeltacht Chonamara dó, ar dhuine de thriúr imreoirí lár páirce a mbronnfar gradaim orthu.

Bhí Bairéad, a imríonn do chumann Naomh Anna, ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh craobh Chonnacht i mbliana. Tá beirt Ghaillimheach eile roghnaithe – an cúl báire Oran Burke as Cora Finne agus an tosach Liam Costello as Baile an Mhuilinn.

Corcaigh a bhuaigh craobh na hÉireann i mbliana agus is acu siúd atá an líon is mó scothpheileadóirí. Seachtar Corcaíoch atá roghnaithe tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath sa chluiche ceannais.

Ceathrar ó fhoireann na príomhchathrach atá roghnaithe, mac leis an gcraoltóir as Ráth Chairn, Bláthnaid Ní Chofaigh – Peadar Ó Cofaigh Byrne – ina measc.

Is iad Tír Eoghain a bhuaigh craobh Uladh 2019 agus tá gradaim faighte ag ceathrar ón bhfoireann sin. Imreoir amháin as foireann Mhaigh Eo agus foireann Laoise a fuair gradaim.

Buaiteoirí

Báireoirí

1. Josh O’Keeffe (Corcaigh)

2. Oran Burke (Gaillimh)

Cosantóirí

3. Paul Ring (Corcaigh)

4. Peter O’Driscoll (Corcaigh)

5. Maurice Shanley (Corcaigh)

6. Kieran Kennedy (Áth Cliath)

7. Oisín Mullin (Maigh Eo)

8. Conal Grimes (Tír Eoghain)

9. Conor Quinn (Tír Eoghain)

Imreoirí lár páirce

10. Brian Hartnett (Corcaigh)

11. Peadar Ó Cofaigh Byrne (Áth Cliath)

12. Maitias Bairéad (Gaillimh)

Tosaithe

13. Cathal O’Mahony (Corcaigh)

14. Mark Cronin (Corcaigh)

15. Ciaran Archer (Áth Cliath)

16. James Doran (Áth Cliath)

17. Liam Costello (Gaillimh)

18. Darragh Canavan (Tír Eoghain)

19. Seán Óg McAleer (Tír Eoghain)

20. Diarmuid Whelan (Laois)

Fág freagra ar 'Fear Gaeltachta roghnaithe i measc na bpeileadóirí óga is fearr sa tír'