Fear atá ina chónaí i nGaeltacht Chonamara ag triall ar theach ‘Celebrity Big Brother’

Tá an t-iarbhaincéir míchlúiteach Nick Leeson, atá ag cur faoi i mBearna i nGaeltacht Chonamara le roinnt blianta, i measc na ndaoine a bheidh ag glacadh páirte sa chlár ‘Celebrity Big Brother’ i mbliana

Fear atá ina chónaí i nGaeltacht Chonamara ag triall ar theach ‘Celebrity Big Brother’

Tá fear atá ag cur faoi i nGaeltacht na Gaillimhe ar dhuine de na ‘réalta’ a bheas le feiceáil sa tsraith nua de Celebrity Big Brother  a chuirfear tús leis ar Channel 5 Shasana anocht.

Tá Nick Leeson, an t-iarbhaincéir míchlúiteach a chaith seal i ngéibheann as a ról i mbriseadh Bhanc Barings i Sasana, agus atá ag cur faoi i mBearna i nGaeltacht Chonamara le roinnt blianta, i measc na ndaoine a bheidh i dteach Celebrity Big Brother i mbliana.

Cuireadh sé bliana príosúin ar Leeson as an bhaint a bhí aige le Banc Barings a lot.

Nuair a rugadh air faoi dheireadh, tar éis dó seachtain a chaitheamh ar a theitheadh ó na póilíní, ciontaíodh é i dtrádáil chalaoiseach in ainm Barings, trádáil a d’fhág gur chaill an banc £800 milliún agus gur theip air.

Scaoileadh saor Leeson i 1999 agus gan ach trí bliana go leith dá théarma curtha isteach aige sa phríosún nuair a fuarthas amach go raibh an ailse ag dul dó.

D’aistrigh sé go Gaillimh lena bhean chéile, arb as Éirinn di, ina dhiaidh sin, áit ar ceapadh ina bhainisteoir ginearálta ar chlub sacair Galway United é. Bhí sé ina phríomhfheidhmeannach ar an chlub céanna ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin.

Insíodh scéal Leeson agus banc Barings sa mhórscannán Rough Trader a tháinig amach i 1999. Agus Ewan McGregor i bpáirt an bhaincéara.

‘I mbéal na stoirme’ an téama a bheidh ag ‘Celebrity Big Brother’ i mbliana agus is léir ó liosta na ndaoine a bheas le feiceáil sa ‘teach’ go mbeidh níos mó ná scéal corraitheach Leeson á roinnt leis an lucht féachana.

I measc na lóistéirí nó na ‘housmates’ a bheidh in éineacht le Leeson, beidh Chloe Ayling, mainicín as Sasana a bhí go mór i mbéal an phobail anuraidh nuair a fuadaíodh í san Iodáil, Samantha Markle, deirfiúr le Meghan Markle a phós prionsa Shasana níos túisce i mbliana, agus Rodrigo Alves, ar baisteadh an leasainm ‘The Human Ken Doll’ air mar gheall ar an £580,000 atá caite aige ar an máinliacht phlaisteach.

Cuirfear tús leis an tsraith nua oíche anocht ar chainéal 5 Shasana.

Fág freagra ar 'Fear atá ina chónaí i nGaeltacht Chonamara ag triall ar theach ‘Celebrity Big Brother’'