Fear as Tír Chonaill ciontaithe in ionsaithe mígheanasacha

Dhá uair a' chloig a thóg sé ar an ghiúiré a theacht ar chinneadh go raibh an fear atá 71 bliain d'aois ciontach in ionsaithe ar bhuachaill 10 mbliana d'aois i 1984

FullSizeRender

Ciontaíodh fear atá 71 bliain d’aois as Dún na nGall i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn inniu as dhá chúis d’ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar bhuachaill a bhí 10 mbliana d’aois i 1984.

Tar éis don ghiúiré 57 bomaite a chaitheamh i mbun machnaimh, d’fhill siad agus roinnt ceisteanna acu don bhreitheamh Francis Comerford.

D’iarr siad cóip den chéad ghearán a rinne an gearánaí sa chás seo agus dátaí do na hagallaimh éagsúla a chuir gardaí ar an chosantóir. D’iarr siad amharc an athuair ar fhianaise a thug an gearánaí trí nasc físe as Meiriceá inné. Dúradh nach bhféadfadh an giúiré amharc ar an fhianaise arís ach go dtiocfadh leo éisteacht le taifead fuaime den fhianaise sin.

Tar éis dóibh éisteacht leis an fhianaise sin sa tseomra cúirte, fuair an giúiré an fear ciontach sa dá chúis.

Breith d’aonghuth a bhí ann agus bhí an giúiré i mbun machnaimh ar feadh beagnach dhá uair a’ chloig ina iomláine. Dúirt an Breitheamh Francis Comerford go raibh an fear le cur ar chlár na gciontóirí gnéis. Dúirt abhchóidí go mbeadh gá anois le tuairiscí leighis a réiteach chomh maith le ráiteas tionchar íospartaigh.

Déanfar pianbhreith a ghearradh ar an fhear nach féidir a ainmniú mar gheall ar chúinsi dlí ag an chéad suí eile cúirte i mí Iúil.