‘Fear an dearmaid’ á thabhairt chun cuimhne i bhfianaise thuaiplisí an Taoisigh

Údar imní d’Fhine Gael an easpa muiníne, cinnteachta agus ceannaireachta atá á léiriú ag Leo Varadkar le tamall

‘Fear an dearmaid’ á thabhairt chun cuimhne i bhfianaise thuaiplisí an Taoisigh

An Taoiseach Leo Varadkar. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Cé go bhfuil rith an rása le Fine Gael go fóill sna pobalbhreitheanna, tá scamall éiginnteachta ag teacht ar fhíor na spéire agus an tuairimíocht ag tosú go bhfuil cuid den snas ag imeacht den Taoiseach, Leo Varadkar.

Níor cheart dul thar fóir faoin mbotún a rinne sé ina chuid cainte in Davos nuair a labhair sé faoi shaighdiúirí a chur ar an teorainn, ach is léiriú an botún sin ar an strus atá ar Varadkar maidir leis an mBreatimeacht.

Agus níos tábhachtaí fós, ní cosúil nach n-éireoidh leis éalú ó chuid den mhilleán maidir leis an ospidéal leanaí ós é a bhí ina Aire Sláinte nuair a síníodh an conradh don suíomh ag Ospidéal San Séamus. Tá costais an ospidéil imithe ó smacht ó shin agus táthar ag leagan cuid mhaith den mhilleán ar an bpróiseas tairisceana a cheadaigh Varadkar.

Ceapadh ag an am go raibh sé ciallmhar praghsanna ábhair a chinntiú ón tús ach roinneadh an tairiscint ina dá chuid: tairiscint ar dtús chun an suíomh a ghlanadh amach is a chur in oiriúint don tógáil, agus ansin tairiscint eile don obair thógála féin.

Bhí deacracht mhór ag baint leis sin ámh – cé air a bheadh an fhreagracht sa chás go mbeadh fadhbanna ann ag deireadh na tógála? I ndáiríre, bheadh seans láidir ag cibé comhlacht a gheobhadh an chéad chonradh an dara ceann a fháil freisin.

Tháinig BAM isteach ar phraghas an-íseal i gcomparáid le comhlachtaí eile sa gcéad bhabhta agus ba iad a fuair an conradh.  Ach fuair siad a gcuid airgid ar ais go maith ar an dara conradh, go háirithe toisc nach raibh mionsocruithe déanta faoi chineál an ábhair a bheadh le húsáid. Socraíodh bunchostas an ábhair ach níor dúradh cé mhéad a bheadh ag teastáil.

Maidir le stailc na n-altraí níl an Taoiseach ag déileáil go rómhuiníneach léi agus é ag freagairt ceisteanna sa Dáil. Dá bharr sin go léir tá daoine ag cuimhneamh arís anois ar roinnt dearmad a rinne sular ceapadh mar cheannaire ar Fhine Gael é.

‘Fear an dearmaid’ an leasainm a bhíodh air idir 2011 agus 2016, mar gheall ar na rudaí a dúirt sé nár chóir dó a rá.

Is iomaí sampla ann den sciorradh focail sin agus seo ceann amháin. Bhí sé páirteach sna cainteanna le Fianna Fáil maidir le bunú an rialtais ach cháin sé go poiblí cuid den chomhghéilleadh a dhein Fine Gael le go mbunófaí an rialtas.

Tá an tuairim ag éirí níos coitianta nach bhfuil tuiscint an-ghrinn aige ar pholasaí ná ar straitéis an rialtais maidir leis an mBreatimeacht, maidir lena bpolasaí i leith cúrsaí pá sa tseirbhís phoiblí ná maidir le cúrsaí eile.

Ba mar gheall ar an tubaiste a tharla d’Fhianna Fáil a tháinig Fine Gael i gcumhacht.  Gheall siad ionracas sa saol poiblí agus éifeachtúlacht freisin.

Ach is faoi réimeas Varadkar a tháinig dúbailt ar chostas ospidéal na leanaí agus tá an baol fós ann go gcosnóidh sé €2 bhilliún, cé gur chonradh do €900 milliún a shínigh Varadkar agus é ina aire sláinte.

Mar a dúirt Cathal Mac Coille i gcolún dá chuid ar an suíomh seo le déanaí, mhaígh Fine Gael i gcónaí go bhféadfadh iontaoibh a bheith ag daoine astu féin maidir le riaradh an chórais airgeadais phoiblí. Ach is beag rian den dea-bhainistiú sin atá le feiceáil ar scannal ospidéal na leanaí.

Níl aon dea-bhainistiú le sonrú ach oiread ar na figiúirí faoi thithíocht ná na scuainí feithimh sna hospidéil atá le dul in olcas mar gheall ar stailc na n-altraí. Tá sé riachtanach oibrithe oilte a mhealladh go hÉirinn mar theicneolaithe is mar altraí ach tá an costas maireachtála á gcoinneáil amach ón tír seo agus ní léir aon bhainistiú a bheith á dhéanamh ar an bhfadhb sin.

Tá cárta luachmhar amháin le himirt ag Varadkar, áfach, agus ait go leor, sin é Micheál Martin.  Más fíor do na pobalbhreitheanna beidh Fine Gael fós chun tosaigh ar Fhianna Fáil sa gcéad olltoghchán eile, agus ní bheidh Fianna Fáil ábalta dul i gceannas ar rialtas gan comhghuaillíocht a dhéanamh le Sinn Féin.

Is éasca do leithéidí Billy Kelleher a rá gur chóir dóibh intinn ‘oscailte’ a bheith ach faoi sin ach tá an iomad ráite ag Martin faoi Shinn Féin agus an iomad nimhe curtha aige sa scéal nach rogha réadúil a bheadh ann dó.

Nó an amhlaidh go mbeidh Fianna Fáil sásta fáil réidh le Martin le greim a fháil ar an gcumhacht?

Tuigeann Teachtaí Fhine Gael fíricí an scéil, agus sin é an fáth go bhfuil míshuaimhneas ag borradh ina measc.

Níl an scéal seo ach ina thús ach de réir mar a chailleann Varadkar tuilleadh smachta air féin is ar a chuid cainte, rachaidh an míshuaimhneas sin i méid.

Beidh an Breatimeacht socraithe, bealach amháin nó bealach eile, faoin tráth a mbeidh olltoghchán againn agus tá sá tábhachtach do Varadkar go dtiocfadh sé chuige féin is go léireodh sé an cumas ceannaireachta ann arís.

Murar féidir leis é sin a dhéanamh, ní mhairfidh sé rófhada i gcumhacht.

Trua nár shocraigh sé toghchán a bheith ann roimhe seo.

Fág freagra ar '‘Fear an dearmaid’ á thabhairt chun cuimhne i bhfianaise thuaiplisí an Taoisigh'