Fear Acla ag seasamh an fhóid do Mhaigh Eo i gCorca Dhuibhne

Tá 20 bliain caite ag Máirtín Cooney as Maigh Eo ag maireachtáil i gCorca Dhuibhne agus é sáite sa chumann peile ansin. Tá sé ag súil go mór gur aigesean a bheidh an chúis gháire faoi dheireadh i ndiaidh cluiche mór an lae inniu

Fear Acla ag seasamh an fhóid do Mhaigh Eo i gCorca Dhuibhne

Ó chlé: Seán Hennelly (as Maolla i Maigh Eo ó dhúchas dó) agus a iníon Eve (Lios Tuathail) agus Siobhán Ní Chuanaigh (Corca Dhuibhne agus a hathair Máirtín. D'imir cailíní Faoi-16 Lios Tuathail agus Chorca Dhuibhne in aghaidh a chéile Dé hAoine seo caite agus fir Mhaigh Eo mar bhainisteoirí ar na foirne.

Tabharfaidh Ciarraí aghaidh ar Mhaigh Eo i mbabhta leathcheannais na hÉireann inniu agus súil ag fir na Ríochta nach dtiocfaidh deireadh leis an gceannas atá acu ar Mhaigh Eo sa chraobh le fada an lá.

25 cluiche atá imeartha ag foirne peile Chiarraí agus Mhaigh Eo in aghaidh a chéile i gCraobh Shinsir na hÉireann agus níl ach trí cinn acu buaite ag na Connachtaigh, an ceann is deireanaí díobh siúd i 1996, os cionn scór bliain ó shin.

Beidh lucht leanúna Mhaigh Eo uile ag iarraidh go gcuirfear sin ina cheart i bPáirc an Chrócaigh amárach ach is dóigh gur beag duine is mó a dteastóidh sin uaidh ná Máirtín Ó Cuanaigh. Tá cúis mhaith leis sin. Cé gur ar Oileán Acla a rugadh agus a tógadh Máirtín, tá sé anois i measc na gCiarraíoch agus é ina chónaí i gCorca Dhuibhne le beagnach 20 bliain anuas. Ní hamháin sin ach tá Máirtín sáite i gcumann peile na Gaeltachta agus is é atá freagrach as cothabháil pháirc Ghallaruis.

“Bíonn ort craiceann righin a bheith ort thart anseo,” a deir sé agus é ag tagairt do dheirí seachtaine a mbíodh air a chloigeann a choinneáil faoi i ndiaidh dá chontae dúchais cluiche mór eile a chailleadh.

Is deacair don phluiméir, a bhfuil cónaí air i mBaile an Chalaidh i bParóiste an Fheirtéaraigh, dul i bhfolach agus é ag taisteal timpeall Chorca Dhuibhne i mbun a chuid oibre. Ní fiú faic an bua morálta i gCiarraí, go háirithe an t-am seo den bhliain, dar le Máirtín.

“Is iad na boinn an rud is tábhachtaí thíos anseo agus tá an áit seo lán díobh. Ní bheadh aon aiféala orthu é a rá leat ach an oiread agus tabharfar anuas iad chun iad a thaispeáint duit! Sin cuid den spraoi,” a mhíníonn Máirtín.

“Ach faigheann tú léargas iontach ar na daoine. Is cuma cé acu feirmeoirí nó mná tí iad is ag caint ar pheil a bhíonn siad. Bíonn tú ag obair d’fhir a bhí ar fhoirne buacacha Chiarraí sna 60í agus 70í agus gheobhaidh tú scéalta iontacha uathu. Is geall le hagallamh pearsanta a bhíonn agat leo. Déarfaidh siad leat cá ndeachaigh d’fhoireann amú ach níl agat ach cur suas leis an gcáineadh!”

Ar an dea-uair, ní hé Máirtín an t-aon fhear as Maigh Eo sa cheantar agus is mór an taca iad muintir a chontae dúchais sna drochlaethanta.

“Tá roinnt mhaith fear as Maigh Eo timpeall na háite mar a tharlaíonn sé, daoine a phós thíos anseo,” a deir Máirtín.

“Is dóigh gurb é Seán Duffy, as Cluain Cearbán ó dhúchas, an fear is mó a mbím ag dul chuig cluichí in éineacht leis.

“Tá siopa glasraí aige sa Daingean, seans go bhfaca tú é ar Up for the Match agus a chuid piobar glas agus dearg amuigh aige! Ghlaodh sé orm maidin Luain i ndiaidh droch-chailliúint i gcoinne Chiarraí agus deireadh sé, ‘Tá sé ceart go leor agatsa agus tú ag tiomáint timpeall sa veain, ach níl cosaint ar bith agamsa anseo sa siopa!’ Bíonn an-chraic ann, leaideanna Chiarraí ag spochadh asainn agus muide ag spochadh astu ach ní mór duit a bheith réidh dóibh!”

Ar a laghad tá an chuma ar an scéal go bhfaigheann Máirtín beagán faoisimh sa bhaile. Beirt ghasúr atá aige, Fearghal agus Siobhán, agus cé gur i gCiarraí a tógadh iad, tá cion acu ar chontae a n-athar chomh maith. Deir sé go mbíonn laethanta ann go mbíonn luí níos níos mó acu le taobh Mhaigh Eo ná taobh Chiarraí.

“Ba bhreá leo ‘an ceann mór’ a fheiceáil, Maigh Eo ag buachan Chraobh na hÉireann. Bheadh grá mór acu do Chiarraí chomh maith, ar ndóigh. Tá na geansaithe leath agus leath acu. Beidh geansaí Mhaigh Eo ar Shiobhán Dé Domhnaigh ach bheadh ceann Chiarraí uirthi faoi, ar eagla na heagla! Chaithfidís feisteas Mhaigh Eo ar scoil agus mar sin de. Bíonn Éamonn Fitzmaurice á múineadh agus bíonn spochadh ann idir a gcuid cairde agus na múinteoirí.”

Agus é chomh fada sin ina chónaí sa chontae agus baint chomh mór sin aige le CLG na Gaeltachta, deir Máirtín go gcaithfeadh gean éigin a bheith aige ar fhoireann Chiarraí. Is minic go raibh Corn Mhig Uidhir sa teach aige agus é tugtha timpeall na háite ag leithéidí Mharc Uí Shé, Dhara Uí Chinnéide agus Aodáin Mhic Gearailt, ach dá mhéid suilt a bhaineann sé as a leithéid ní mar a chéile é.

“Nuair a bhuann Ciarraí Craobh na hÉireann, téann muid isteach chuig an Daingean i gcónaí. Ní chaillfeadh muid amach ar an gceiliúradh, cuirfidh mé ar an gcaoi sin é! Ach b’fhéidir go bhfanfá amach ón slua ag an gcuntar.”

Déanfar dearmad ar an gcion atá aige ar fhir na Ríochta inniu agus Maigh Eo ag iarraidh an ceann is fearr a fháil orthu den chéad uair ó 1996. Is maith is cuimhin leis an lá sin.

“Bhí muid inár gcónaí i gCill Droichid ag an am agus bhí slua as Ciarraí ag fanacht linn. Bhí mo chuid deartháireacha céile in ísle brí an lá sin, ach ní minic a tharlaíonn sé. Bhí muid in ann gáire a dhéanamh an lá sin ach is fada an tamall ó shin anois é.”

Aon bhliain agus fiche atá sé ag fanacht chun an gáire céanna a dhéanamh, ach b’fhéidir gurb é amárach an lá go gcuirfí cor nua i scéal Mhaigh Eo.

Dá dtarlódh sin, is cinnte gur le fonn a thabharfadh Máirtín aghaidh ar a chairde i gCorca Dhuibhne amárach.

Fág freagra ar 'Fear Acla ag seasamh an fhóid do Mhaigh Eo i gCorca Dhuibhne'