Fear a bhásaigh i dtimpiste bhóthair ainmnithe

Ainmníodh an fear a bhásaigh i dtimpiste bhóthair i gCill Chiaráin i gConamara inné.

R340

Máirtín McGrath, a bhí os cionn dhá scór bliain d’aois, a bhásaigh inné nuair a bhuail carr é agus é ina sheasamh ar thaobh an bhóthair i gCill Chiaráin i gConamara. Maireann a bhean Cassie, a iníon agus a mhac.

Tá Gardaí an Chlocháin fós i mbun fiosrúchán ar an timpiste a tharla thart ar 11 maidin inné agus tá iarrtha ar an bpobal aon eolas faoin timpiste a thabhairt dóibh ach glaoch ar 095 22500.