Tá fear gafa tar éis do na Gardaí drugaí ar fiú breis is €100,000 a ghabháil ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.
Deir na Gardaí gur thángthas ar luach €105,000 cócaon chomh maith le €7,300 in airgead tirim le linn cuardaigh ar theach cónaithe ar an mbaile aréir.
Gabhadh fear 50 bliain d’aois mar chuid den fhiosrúchán agus é á choinneáil i Stáisiún Gardaí i gcontae na Gaillimhe faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996. Is féidir é a choinneáil ar feadh suas le seacht lá.
Gardaí ó Aonad Drugaí na nGardaí i nGaillimh agus ón Aonad Drugaí áitiúil a rinne an cuardach pleanáilte mar chuid de Operation Tara.
Deir na Gardaí go bhfuil fiosrúchán fós ar bun.
Fág freagra ar 'Fear 50 bliain d’aois gafa agus luach €105,000 cócaon faighte ag na Gardaí i gConamara'