An té a mheastar a phléasc an buama a mharaigh 22 duine ag an Manchester Arena ainmnithe

Maraíodh ar a laghad 22 duine agus gortaíodh 59 duine eile nuair a pléascadh buama i ndiaidh ceolchoirm sa Manchester Arena i Manchain Shasana aréir

An té a mheastar a phléasc an buama a mharaigh 22 duine ag an Manchester Arena ainmnithe

Deir na póilíní go bhfuil amhras ann gurbh é Salman Abedi,  fear 22 bliain d’aois, an buamadóir féinmharaithe a phléasc an buama san ionsaí sceimhlitheoireachta ar an Manchester Arena aréir inar maraíodh 22 duine agus inar gortaíodh 59 duine eile.

De réir tuairisce ón BBC rugadh i Manchain Salman Abedi agus de bhunadh na Libia a mhuintir.

Dúirt póilíní Mhanchain gurb é an rud ba phráinní anois ná a fháil amach an as féin a bhí an buamadóir ag gníomhú nó an raibh cabhair ó dhaoine eile aige.

Maraíodh ar a laghad 22 duine agus gortaíodh os cionn 59 duine eile nuair a pléascadh buama i ndiaidh ceolchoirm sa Manchester Arena i Manchain Shasana aréir.

Go dtí seo tá triúr de na mairbh ainmnithe: Georgina Callande, mac léinn 18 bliain, Saffie Rose Roussos, cailín ocht mbliana d’aois agus John Atkinson, 28.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May inniu nach raibh “aon amhras ar chor ar bith” anois ach gur ionsaí sceimhlitheoireachta “uafásach, déistineach” a bhí ann.

Tá na póilíní ag caitheamh leis an eachtra mar ionsaí sceimhlitheoireachta ón oíche aréir agus tuairiscítear gur buamadóir féinmharaithe a phléasc an buama a rinneadh sa bhaile i bhforhalla an ionaid siamsaíochta ag 10.33 aréir.

Tá an t-ionsaí ar an ionsaí sceimhlitheoireachta is measa sa Ríocht Aontaithe ón ionsaí ar an 7 Iúil 2005 inar mharaigh ceathrar buamadóirí féinmharaithe 52 duine, iad féin san áireamh, i Londain.

Tharla an pléascadh agus daoine ag fágáil na ceolchoirme de chuid Ariane Grande, amhránaí as Meiriceá a dúirt go raibh sí féin trína chéile faoin eachtra.

Cuireadh fios ar na póilíní ag timpeall 10.35 aréir agus tuairiscítear gur tharla an pléascadh san fhorhalla díreach lasmuigh den ionad siamsaíochta féin, an t-ionad siamsaíochta faoi dhíon is mó sa chathair agus slí ann do 21,000 duine

Chuir fear óg amháin, Joe Gregory, a bhí ag fanacht ar a chara lasmuigh den ionad, físeán amach ar na meáin shóisialta aréir a bhfuil an dealramh air go bhfuil radharc ann ar an mbuama á phléascadh.

Idir an dá linn, tá an feachtas toghchánaíochta do thoghchán Westminster, a bheidh ar siúl ar an 8 Meitheamh, curtha ar fionraí.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May:

“All acts of terrorism are cowardly attacks on innocent people, but this attack stands out for its appalling, sickening cowardice, deliberately targeting innocent, defenceless children and young people who should have been enjoying one of the most memorable nights of their lives.”

Dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump gur “evil losers” ba chúis leis an ionsaí.

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny gur ionsaí “brúidiúil” a bhí ann ar an “sonas agus ar an tsoineantacht”. Bhí ceangal láidir ag an tír seo le Manchain agus thacófaí le muintir na cathrach sin “ar pé bealach is féidir”, a dúirt sé.

Scaip Roinn Gnóthaí Eachtracha na tíre seo sonraí teagmhála ambasáid na hÉireann i Londain ar Twitter ar mhaithe le haon duine a bheadh buartha faoi shaoránaigh Éireannacha atá i Manchain.

 

Fág freagra ar 'An té a mheastar a phléasc an buama a mharaigh 22 duine ag an Manchester Arena ainmnithe'

  • Braoin Ó Braoin

    Uafásach…
    gníomh meatachán…
    go dtuga Dia suaimneas dóibh siúd a fágadh thíos leis an ngníomh céanna…

  • MacAnRí

    Go ndéana Dé grásta orthu go leir…ina measc cailín beag bocht níl ach octht mbliana d’aois …táim ag gol anois !!