‘Feall’ ar mhuintir na Breataine a bheadh i reifreann eile – May

Deir Príomh-Aire na Breataine go ndéanfadh reifreann eile faoin mBreatimeacht ‘dochar nach bhféadfaí a leigheas’ agus tuairiscí ann go bhfuiltear i mbun pleanála do reifreann eile

‘Feall’ ar mhuintir na Breataine a bheadh i reifreann eile – May

Tá ráite ag Príomh-Aire na Breataine Theresa May nár chóir “feall” a dhéanamh ar mhuintir na Breataine trí reifreann eile a reáchtáil faoin mBreatimeacht.

Tuairiscítear go ndéarfaidh an Príomh-Aire an méad sin i ráiteas a thabharfaidh sí inniu faoi chruinniú mullaigh na seachtaine seo caite sa Bhruiséil, mar ar tugadh an t-eiteach dá hiarracht gealltanais nua a fháil faoin gcúlstop.

Tuairiscítear go maífidh an Príomh-Aire go ndéanfadh reifreann eile “dochar nach bhféadfaí a leigheas” don pholaitíocht mar go dtabharfadh sé le fios do na milliúin duine “a chuir a muinín sa daonlathas” nach bhfuil feidhm leis an daonlathas.

Déarfaidh May chomh gurb é is dóichí ná nach mbeifí aon phioc “níos faide chun tosaigh” de thoradh vóta eile.

Sheán lucht Shráid Downing go raibh fírinne ar bith i dtuairiscí go rabhthas i mbun pleanála do reifreann eile.

In ainneoin gur diúltaíodh dá héilimh an tseachtain seo caite, tá súil ag Theresa May i gcónaí gealltanais dlí a fháil i dtaobh an chúlstop, an polasaí árachais sa mhargadh Breatimeachta chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Tuairiscítear áfach go bhfuil May faoi bhrú ag baill áirithe dá Rialtas na roghanna éagsúla faoin mBreatimeacht a leagan amach agus na roghanna sin a chur faoi bhráid na parlaiminte.

Dheimhnigh ceannairí an 27 ballstáit eile an tseachtain seo caite nach rachfaí i mbun idirbheartaíochta faoin margadh Breatimeachta agus sheas siad leis an méid a aontaíodh ar an 25 Samhain nuair a thug siad a mbeannacht don mhargadh agus don dearbhú polaitíochta a bhaineann leis.

Tá ceist theorainn na Breataine in Éirinn ar an dris chosáin is mó in Westminster roimh an margadh Breatimeachta agus amhras mór ann go mbeidh dóthain tacaíochta aige i measc na bhfeisirí parlaiminte chun go nglacfaí leis sa bhliain nua. 

Cuireadh siar an vóta sin an tseachtain seo, nuair a d’admhaigh May nach raibh dóthain tacaíochta aici.

Agus an chosúlacht ar an scéal go ndiúltófar don mhargadh sa bhliain nua, tá baol mór ann i gcónaí go bhféadfadh an Bhreatain imeacht ón Aontas Eorpaigh gan aon mhargadh agus is i dtreise atá an chaint faoin dara reifreann ag dul.

Fág freagra ar '‘Feall’ ar mhuintir na Breataine a bheadh i reifreann eile – May'