‘Feall ar iontaoibh’ ag Johnson a chur chuige maidir le ceist an Tuaiscirt – Ursula von der Leyen

D’fhoilsigh Rialtas na Breataine tráthnóna bille trádála nua a chuireann ar ceal gnéithe den chonradh aistarraingthe a shínigh Boris Johnson anuraidh

‘Feall ar iontaoibh’ ag Johnson a chur chuige maidir le ceist an Tuaiscirt – Ursula von der Leyen

“Feall ar iontaoibh” ag Rialtas Boris Johnson a gcur chuige maidir le ceist an Tuaiscirt sa chomhaontú Breatimeachta, a deir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen.

D’fhoilsigh Rialtas na Breataine tráthnóna bille nua a chuireann ar ceal gnéithe den chonradh aistarraingthe a shínigh Johnson anuraidh.

Go gairid i ndiaidh fhoilsiú an bhille, dúirt Ursula von der Leyen ar Twitter:

“An-imní [orm] faoi fhógraí ó Rialtas na Breataine faoina rún an Comhaontú aistarraingthe a shárú. Bhrisfeadh seo an dlí idirnáisiúnta agus feall ar iontaoibh a bheadh ann. Pacta sunt servanda = an bonn faoi chaidreamh rathúil amach anseo.”

Tá admhaithe ag Rialtas na Breataine féin gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta a bheadh i gceist leis an mbille trádála nua.

De réir an bhille, cheadófaí d’airí neamhaird a dhéanamh de ghnéithe den socrú faoin Tuaisceart sa chomhaontú aistarraingthe. Thabharfadh an Bille cead d’airí rialacháin a thabhairt isteach a d’fhágfadh nach mbeadh aon fheidhm ag dlí an AE maidir le státchabhair sa Bhreatain ná sa Tuaisceart.

Bheadh a leithéid i gcoinne an phrótacail faoin Tuaisceart sa chomhaontú Breatimeachta.

Faoin bprótacal sin, ní mór don Bhreatain an tAE a chur ar an eolas faoi aon chabhair stáit a fhaigheann comhlachtaí sa Bhreatain a dhíolann táirgí sa Tuaisceart.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “údar mór imní” don Rialtas cur chuige Rialtas na Breataine i dtaobh cheist an Tuaiscirt sa chomhaontú.

D’fhéadfadh an cur chuige “aontaobhach” sin na cainteanna Breatimeachta a chur ó mhaith, ar sé. Dúirt an Taoiseach gur sárú iontaoibhe ag Rialtas na Breataine a bhí i gceist.

Dúirt Martin go raibh seasamh dlí ag an gconradh aistarraingthe agus nach bhféadfaí “imeacht uaidh sin”.

Tá ráite go minic ag an AE  go gcaithfear an comhaontú aistarraingthe go léir a chur i bhfeidhm má táthar chun margadh trádála agus slándála a dhéanamh leis an mBreatain.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go raibh “tochas a gcinn” tugtha ag Rialtas Boris Johnson do lucht rialtais ar fud an domhain a mbeadh amhras anois orthu, dar leis, ar cheart aon chonradh a shíniú leis an mBreatain.

Rinne Boris Johnson cosaint ar a chur chuige agus dúirt gurb é chúram siúd “ná tacú le sláine na Ríochta Aontaithe agus chomh maith leis sin cosaint a thabhairt do phróiseas síochána Thuaisceart Éireann agus Comhaontú Aoine an Chéasta”.

Fág freagra ar '‘Feall ar iontaoibh’ ag Johnson a chur chuige maidir le ceist an Tuaiscirt – Ursula von der Leyen'