Féadaim a rá, i gcás an fhoclóra nua, go bhfuil mé á focain iarraidh

Seo chugainn glúin nua scoláirí a mbeidh muid faoi chomaoin mhór acu go ceann i bhfad, eagarthóirí an Concise English-Irish Dictionary, an foclóir Béarla-Gaeilge

Féadaim a rá, i gcás an fhoclóra nua, go bhfuil mé á focain iarraidh

Fadó, fadó, chuir mé agallamh ar Niall Ó Dónaill, fear mór an fhoclóra Ghaeilge-Bhéarla. Anonn go maith in aois a bhí sé an t-am sin agus ní raibh an chuid ab fhearr den tsláinte aige. Mar sin féin, bhí sé cineálta go leor éisteacht liom agus mo chuid ceisteanna a fhreagairt. Oiread chéanna le gach mac léinn Gaeilge de mo ghlúin, cheannaigh mé cóip d’fhoclóir Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe agus tá an dá fhoclóir chéanna agam le breis agus 35 bliain faoin am seo. Ba mhór an áis iad.

Is minic a smaointím ar eagarthóirí agus fhoireann na bhfoclóirí sin agus an obair mhór a rinne siad le focail a thabhairt slán as díchuimhne, iad a bhuanú i gcló agus a gceapadh in eangach na leathanach. Ní bréag a rá go raibh muid faoi chomaoin mhór acu uilig agus gur fhág siad saothar luachmhar ina ndiaidh.

Agus seo chugainn glúin nua scoláirí a mbeidh muid faoi chomaoin mhór acu go ceann i bhfad: eagarthóirí an Concise English-Irish Dictionary: foclóir Béarla-Gaeilge (Foras na Gaeilge). Mar a tharla, tháinig an foclóir seo ar an tsaol ar líne ar dtús. Ón New English-Irish Dictionary atá ar an idirlíon ó 2013 a baineadh an t-adhmad don leabhar seo.

Scríobhtar i réamhrá an fhoclóra gur díríodh ar “dhá phríomhbheart: laghdú suntasach a dhéanamh ar chion ábhair an leagain ar líne (as an 48,000 iontráil atá ar líne, tá 31,000 sa leagan clóite) agus athfhormáidiú ó bhonn á dhéanamh ar eagar agus ar chuma na n-iontrálacha”. Breis agus 1,700 leathanach atá sa leabhar nua seo, idir focail agus míreanna breise ar chúrsaí gramadaí, mar shampla. Saothar suntasach údarásach gan cheist agus saothar tarraingteach leis.

Aithneoidh na daoine a cheannaigh foclóirí Uí Dhónaill agus de Baldraithe go bhfuil an clúdach gorm céanna ar an fhoclóir agus go bhfuil an chló-aghaidh chéanna ann. Is maith go bhfuil nó léiríonn sé urraim don obair a rinneadh roimhe seo agus meas mar is ceart ar an tsinsear.

An sloinne “Ó Mianáin” atá greamaithe den chlúdach an iarraidh seo; aitheantas ciúin cuí don phríomheagarthóir, Pádraig Ó Mianáin. Ag gach bó a lao agus ag gach eagarthóir a fhoclóir. Sea, is iomaí sin ábhar imní a bhíonn ar lucht na Gaeilge ach ardú croí agus misnigh atá ann amharc ar shaothar saoi agus a chuid compánach. Moltar iad.

Bhéarfaidh an léitheoir faoi deara láithreach go bhfuil difear suntasach amháin le sonrú san fhoclóir úr agus na cinn eile – dathanna. Tá abairtí agus focail faoi chló sky-blue*, rud a éascaíonn an léitheoireacht. Má tá cóip d’fhoclóir póca Gaeilge Collins agat, aithneoidh tú an cur chuige in áit na mbonn. Seift dheas atá ann agus is maith mar a chuireann an splais de dhath leis an leabhar. Ní chuirfeadh sé crua ar dhuine ar bith focal a aimsiú nó líne a léamh. (*sky-blue: adj spéirghorm a1; sky-blue paint péint ar ghorm na spéire.)

Ó tharla gur foclóir Béarla-Gaeilge é, ba den riachtanas Béarla comhaimseartha a úsáid le deis a thabhairt don léitheoir óg (agus eile) casadh siar ar chasán na Gaeilge cruinne. Tóg, mar shampla, “go down”: “They go down as champions.” Cad é a thabharfadh Google Translate air sin: “Rachaidh siad síos mar sheaimpíní?” I bhfad uainn an t-olc.

Dhá rogha a thugann an foclóir: “beidh siad sna hannála mar churaidh” nó “cuimhneofar orthu mar churaidh.” Nó: “she’ll go down in history as a pioneer”: mairfidh a cuimhne mar cheannródaí, cuimhneofar uirthi amach anseo mar cheannródaí. Nó: “it’ll go down as a missed opportunity”: is mar dheis a cailleadh a chuimhneofar air.

Is maith mar a thugann na samplaí sin treoir don léitheoir agus is maith mar a léiríonn siad teanga bheacht agus stair na teanga. Ná fiafraigh díom cad chuige ach thaitin sé liom an focal sin “sna hannála” a fheiceáil sa chomhthéacs sin. Is dócha go mbeadh cathú ormsa an dara habairt a scríobh – cuimhneofar orthu mar churaidh – abairt atá cruinn ach rud beag lom. Tá brí bhreise stairiúil leis an fhocal “annála” agus é curtha i láthair i gcomhthéacs comhaimseartha.

Más foghlaimeoir tú, tugann an foclóir léargas luachmhar ar shaíocht na teanga duit agus más cainteoir cumasach tú atá róthugtha don chúpla cliché a d’fhoghlaim tú fadó fadó, cuireann sé saibhreas na teanga i gcuimhne duit as an úr. Ní leabhar taighde amháin a bhíonn i bhfoclóir, ar ndóigh, ach leabhar foghlamtha agus gramadaí don té atá ag iarraidh teanga, teanga ar bith, a fhoghlaim mar is ceart.

Seo abairt eile chomhaimseartha Bhéarla a léiríonn an téis sin: He doesn’t want to play ball with us on this. “Níl sé sásta comhoibriú linn ar an gceist seo, níl sé sásta teacht linn air seo.” Níl, gan amhras, “liathróid” ná “bál” i gceist sa leagan Ghaeilge agus is maith mar a léiríonn na roghanna san fhoclóir cad é atá i gceist leis an nath. De réir mar a fhaigheann Béarla Mheiriceá greim ar an tsamhlaíocht, beidh riachtanas lena leithéid de dhea-shampla agus míniú.

Amharc fosta go bhfuil sórt eile “balls” san fhoclóir: n (inf: courage). “I didn’t have the balls to ask him”: ní raibh de mhisneach agam ceist a chur air. Agus ar eagla go gcuirfí sexism* i leith an fhoclóra: “she’s got balls!” Ní haon dóithín í! Níl fuacht ná faitíos uirthi! (*sexism: n gnéasachas m1, gnéasaíochas m1)

Ó, mo dhearmad, tá “fucking” san fhoclóir fosta: “I don’t fucking want it”: Nílim á focain iarraidh.

Bhuel, féadaim a rá, i gcás an fhoclóra de, go bhfuil mé á focain iarraidh agus ba cheart go mbeifeása á focain iarraidh chomh maith.

Fág freagra ar 'Féadaim a rá, i gcás an fhoclóra nua, go bhfuil mé á focain iarraidh'

  • Eoghan O Neill

    Féarfocs don fhoireann a chur an saothar isteach san fhoclóir nua seo. Beidh mé á cheannacht go cinnte.

  • Seanán Ó Coistín

    Ní maith liom an focal sin a thosaíonn le F. Ní raibh gá leis agus níl gá leis. Tá neart nathanna sa Ghaeilge chun an bhrí sin a chur in iúl.

    Maidir leis an bhfoclóir, tá sé déanta go maith. Obair chraicneach a bhí ann. Is maith liom an leagan amach atá air agus na dathanna atá ann. Is mór an chabhair iad sin don léitheoir.

  • Beannocht

    Cén fáth go samhlaítear magairlí le misneach? nach gcrapann siad nuair a thagann an crú ar an táirne?