Tá a bhfuil i ndán don éileamh ar Acht Teanga ó thuaidh idir dhá cheann na meá agus an chuma ar an scéal nach bhfuil aon ní cóir i ndán do na cainteanna maidir le hathbhunú an fheidhmeannais i Stormont.
4pm inniu an sprioc do na cainteanna polaitiúla ach thug Uachtarán Shinn Féin le fios inné nach raibh aon dul chun cinn déanta agus d’fhógair a pháirtí aréir go raibh siad ag tarraingt siar ón bpróiseas.
Dúirt an eagraíocht stocaireachta POBAL aréir gur cheart do rialtas Westminster Acht na Gaeilge a thabhairt isteach sa chás go dteipfeadh ar na cainteanna.
Dúirt Janet Muller, Stiúrthóir POBAL, áfach, nár cheart d’eagrais Ghaeilge ná do phobal na teanga glacadh le haon reachtaíocht “lag”.
“Ba chóir do na polaiteoirí atá ar son an achta an fód a sheasamh agus fios acu nach nglacfaidh pobal na Gaeilge le sop in áit na scuaibe, is cuma faoi cé acu an bhfuil dea-thoil taobh thiar de nó nach bhfuil. Chuirfeadh reachtaíocht lag le frustrachas agus le doiléireacht, agus glaonn muid ar phobal na Gaeilge teachtaireacht láidir a chur amach – d’fhan muid fada go leor, is mithid anois muid a ghlacadh go dáiríre,” a dúirt Janet Muller, Stiúrthóir POBAL aréir.
Idir an dá linn, beidh an léirsiú ar son Achta Gaeilge a cuireadh ar athlá mar gheall ar bhás an iarLeasChéad-Aire Martin McGuinness an tseachtain seo caite ar siúl Dé Luain ag 4.15pm ag Stormont.
Tá an léirsiú á eagrú ag An Dream Dearg agus iad ag éileamh ar pháirtithe polaitíochta tacaíocht a thabhairt don fheachtas Acht Gaeilge a thabhairt isteach.
Tá cuireadh oscailte tugtha ag an Dream Dearg do “ghníomhaithe Gaeilge ó achan chearn agus chúlra” freastal ar an agóid ag Stormont.
Bhí an léirsiú beartaithe don Chéadaoin seo caite ach cuireadh ar athlá é nuair a fógraíodh gur bhásaigh an t-iarLeasChéad-Aire Martin McGuinness maidin Dé Máirt. Cuireadh McGuinness i Reilig Chathair Dhoire Déardaoin. Dúirt An Dream Dearg gur thug McGuinness an-tacaíocht le fada an lá don éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh.
Deir An Dream Dearg go mbeidh baill chumainn óige Ghaeilge, daltaí Gaelscoile agus grúpaí eile pobail i láthair ag an léirsiú “le cearta Gaeilgeoirí agus Gaeilge a éileamh”.
Thug uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, le fios an tseachtain seo caite nach nglacfadh a pháirtí le síneadh ama do na cainteanna.
Tá ceist na Gaeilge i lár an aonaigh ó thuaidh ó d’fhógair an t-iar-aire Pobal Paul Givan nach mbeadh sparánachtaí Gaeltachta na scéime ‘Líofa’ ar fáil in 2017. Luaigh McGuinness meon diúltach agus “biogóideacht” an DUP i leith na Gaeilge ina litir éirí as ag tús mhí Eanáir agus tá agóidí agus feachtais teanga ar bun ó thuaidh ó shin.
Bhí ceist na reachtaíochta Gaeilge go mór i mbéal an phobail le linn an fheachtais toghchánaíochta an mhí seo caite agus le linn na gcainteanna iarthoghcháin a bhfuil deireadh ag teacht leo tráthnóna. Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go bhféadfadh gur Acht Gaeilge ‘bog’ a thabharfaí isteach ach dúirt Conradh na Gaeilge go raibh an eagraíocht sásta go mbeadh Acht ‘réasúnta’ i gceist.
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite bhféadfadh go socrófaí Acht a thabhairt isteach a mbeadh uasteorainn costais luaite leis, gur ról comhairleach seachas ról breithiúnach a bheadh ag Coimisinéir Teanga faoin acht, agus go mbeadh comharthaíocht Ghaeilge le crochadh ar fhoirgnimh mhóra agus ar shéadchomharthaí ach nach mbeadh siad ar shráideanna uile an Tuaiscirt.
Dúirt Janet Muller aréir go gcaithfeadh “Westminster a ghealltanas a chomhlíonadh, bealach amháin nó bealach eile”.
Dúirt Muller gur údar “imní” do POBAL cuid den tuairimíocht atá ann le tamall anuas faoi chostas an Achta.
£2 mhilliún in aghaidh na bliana agus £9 milliúin eile thar thréimhse cúig bliana i gcostais bhunaithe aon uaire an costas a bhainfeadh le hAcht Teanga a thabhairt isteach, de réir plécháipéis a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge an mhí seo.
Dúirt Janet Muller nár cuireadh “ceisteanna tábhachtacha” san áireamh “i roinnt de na cáipéisí” atá foilsithe faoin Acht. Dúirt stiúrthóir POBAL go bhfuil “réitigh laga” curtha chun tosaigh mar leigheas “ar fhadhbanna casta” agus mhaígh sí go raibh costas an achta “á dtomhas ar bhealach atá, b’fhéidir, míréadúil”.
“Tá níos mó i gceist le reachtaíocht Gaeilge ná airgead agus caithfear a chur san áireamh go dtig leis an teanga maoin a shaothrú agus seirbhísí níos fearr do chách a chruthú,” a dúirt sí.
Fág freagra ar 'Feachtasóirí ar son Achta Teanga ag díriú ar Stormont agus Westminster agus cainteanna ag teip'