Tá an trí mhilliúnú tvuít Ghaeilge seolta ar Twitter, tráth a bhfuil tús á chur leis an bhfeachtas #TrasnaNadTonnta den tríú bliain.
Cuireadh tús inniu leis an bhfeachtas a bhfuil faoi daoine ar fud an domhain a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar Twitter, agus bhí an Taoiseach Leo Varadkar ar na daoine ba thúisce a chuir tvuít amach leis an haischlib #TrasnaNadTonnta.
Tús íontach ag #TrasnaNadTonnta i mbliana le seoladh ag @TwitterDublin – go n-éirí libh @Trasna19! https://t.co/W9soH4Ivhw
— Leo Varadkar (@campaignforleo) 4 Feabhra 2019
Idir an dá linn, d’fhógair an saineolaí ar úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta Kevin Scannell gur seoladh an trí mhilliúnú tvuít Ghaeilge riamh ag an deireadh seachtaine.
An tuairisceoir raidió Aindriú de Paor a seol an trí mhilliúnú tvuít Ghaeilge a bhain le tuairisc dá chuid do RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Beidh píosa agam ón agóid a bhí ag an @INMO_IRL ag Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae ar @TusAite le @MichelleNicGria ar @RTERnaG tráthnóna freisin. pic.twitter.com/dDrO1xHVpd
— Aindriú de Paor (@aindriudepaor) 30 Eanáir 2019
Mí Lúnasa 2017 a seoladh an dá mhilliúnú tvuít i nGaeilge agus mí Aibreán 2015 a seoladh an milliúnú tvuít.
Ba in 2006 a seoladh an chéad ghiolc i nGaeilge ar Twitter, cúpla mí i ndiaidh bhunú an tsuímh. Ba í an t-úsáideoir @aine a chuir an chéad ghiolc sin amach mí Nollag na bliana sin.
Beifear ag súil le cur go mór le líon na dtvuíteanna Gaeilge le linn an fheachtais #TrasnaNadTonnta a bheidh ar siúl go dtí Dé hAoine.
Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada a chuir tús leis an bhfeachtas ‘Trasna na dTonnta’ agus tá Conradh na Gaeilge agus an Coimisiún Fulbright ag tacú leis chomh maith.
Táthar ag súil go seolfar tvuít Ghaeilge as 100 tír mar chuid d’fheachtas na bliana seo.
10,663 tvúit ó bhreis is 80 tír a seoladh mar chuid d’fheachtas #TrasnaNadTonnta anuraidh.
Tá 100 ambasadóir ag glacadh páirt sa bhfeachtas, ón Spáinn go dtí an tSeapáin. Beidh John Prendergast, atá ag cur faoi in Indiana, Meiriceá faoi láthair, ina ambasadóir #TrasnaNadTonnta agusbé i gceannas ar an gcuntas Twitter @Ireland don tseachtain.
Dúirt duine de lucht an fheachtais John Prendergast, teagascóir Gaeilge le Fulbright in Indiana, Meiriceá gur léiriú #TrasnaNadTonnta ar “an grá a bhíonn ag daoine dár dteanga uasal mórthimpeall na cruinne”.
“Nasctar daoine a bhfuil Gaeilge acu ón Afraic le foghlaimeoirí Gaeilge ón Rúis agus cruthaítear pobal beo ar líne, áit gur féidir ár bhféiniúlacht agus ár gcultúr a cheiliúradh,” a dúirt an teagascóir Gaeilge.
Dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge gur díol suntais é go raibh Twitter féin ag tacú leis an bhfeachtas i mbliana agus gur “fianaise dhoshéanta í #TrasnaNadTonnta ar bheocht agus ar neart na Gaeilge ar leibhéal idirnáisiúnta”.
Ba é Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne a sheol #TrasnaNadTonnta i gCeannáras Twitter i mBaile Átha Cliath inniu.
Tá borradh faoin Ghaeilge ar líne agus tugann #TrasnaNadTonnta deis do níos mó daoine páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí faoin teanga ar líne, agus go deimhin, le nasc a dhéanamh le hÉirinn, cuid acu den chéad uair b’fhéidir. pic.twitter.com/UIe8jwyotx
— Seán Kyne TD (@SeanKyneTD) 4 Feabhra 2019
Fág freagra ar 'Feachtas #TrasnaNadTonnta ar siúl arís tráth seolta an trí mhilliúnú tvuít'