Feachtas seolta chun daoine a mhealladh le cónaí in iarthar Chonamara

Sheol pobal Chonamara Láir, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, an feachtas inniu Lá Mhic Dara, naomhphátrún an cheantair

Feachtas seolta chun daoine a mhealladh le cónaí in iarthar Chonamara

Grace Nic an Iomaire ag An Fáinne, Camus. Pictiúr: Andrew Downes, xposure

Tá feachtas seolta ag ceantar Gaeltachta chun daoine a mhealladh chun cónaithe agus chun oibre ansin.

Sheol pobal Chonamara Láir, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, an feachtas inniu, Lá Mhic Dara, naomhphátrún an cheantair.

Lá Mhic Dara

Beidh sraith físeán á scaipeadh mar chuid den fheachtas agus sa chéad cheann, atá ar fáil anois, déantar cur síos ar na buaicphointí maidir leis an gcaighdeán saoil agus na deiseanna atá ar fáil do dhaoine, do theaghlaigh agus do ghnóthaí i gConamara Láir.

Tá sé mar sprioc ag an bhfeachtas tuilleadh daoine a spreagadh le fiosrúchán a dhéanamh faoi athlonnú go dtí an ceantar agus iad ag súil go mbeidh ocht dteaghlach nua aistrithe chuig an gceantar seo taobh istigh de dhá bhliain.

Is cuid den fheachtas seo cur síos a dhéanamh ar an saol mar atá sé ag daoine san áit agus ag daoine a bhog chuig an gceantar, agus na deiseanna a cuireadh ar fáil dóibh ó thaobh gnó agus fostaíochta de.

Ina measc siúd atá le feiceáil sna físeáin tá Fiona Ní Fhlaithearta, láithreoir le TG4 a bhog abhaile chun a teaghlach a thógáil ina ceantar dúchais; Seán Ó Cathasaigh, fear as an áit atá ag tógáil clainne sa cheantar; Evelyn O’Toole, Príomhfheidhmeannach Shaotharlann Chonamara Teo, ceann de na fostóirí is mó i gConamara Láir; Seán Ó Cualáin, léiritheoir teilifíse; agus Titta Jone, bean de bhunadh na Fionlainne a d’aistrigh a gnó agus a teaghlach as Baile Átha Cliath go Carna le bliain anuas.

Ag tagairt don fheachtas dúirt Máirín Ní Choisdealbha Seoige ó Fhorbairt Chonamara Láir go raibh an ceantar “ar cheann de sheoda cultúrtha na hÉireann” agus go raibh borradh le brath sa cheantar in ainneoin dúshláin stairiúla a bhain leis le laghdú ar an daonra agus an imirce.

Fiona Ní Fhlaithearta, láithreoir le TG4

“Níor thréig muinín ná spiorad an pobal bródúil seo agus tá muid ag cur in iúl don domhan mór go bhfuil deiseanna agus todhchaí den scoth sa gceantar seo do dhaoine ar mian leo filleadh abhaile nó athlonnú go Conamara Láir. Fiú agus gur diúltaíodh do chead pleanála thogra Pháirc na Mara an tseachtain seo, ní hé sin deireadh an togra sin ná tograí eile atá á bhforbairt sa gceantar. Tá todhchaí mhór romhainn agus deiseanna ann do dhaoine a saol a athrú agus a fheabhsú.”

Beidh seirbhís tacaíochta á cur ar fáil go háitiúil ag Forbairt Chonamara Láir chun déileáil le fiosrúcháin ag eolas@conamaralair.ie nó 095 32688.

Máirtín Ó Catháin le Eileen Uí Dhabhais ag Ionad Cuimhneacháin na nImirceach

Fág freagra ar 'Feachtas seolta chun daoine a mhealladh le cónaí in iarthar Chonamara'

  • Come ye English speakers and buy our houses

    Má bhogann daoine go Carna a bhfaigheann siad hoodie Páirc na Mara agus badge “I ❤️ Branda na Gaeltachta”?