Feachtas nua sa Bhreatain Bheag chun cur i gcoinne logainmneacha ar nós ‘Happy Donkey Hill’ agus ‘Sausage Island’

Tá Cumann Logainmneacha na Breataine Bige ag iarraidh go dtabharfaí cosaint dlí do logainmneacha ársa na tíre sin

Cymdeithas Enwau Lleoedd Cymru

Tá feachtas ar bun ag Cymdeithas Enwau Lleoedd Cymru (Cumann Logainmneacha na Breataine Bige) sa Bhreatain Bheag chun cosaint dlí a thabhairt do logainmneacha na tíre sin.

Tá ráite ag rialtas na Breataine Bige go ndéanfaidh sé a mhachnamh faoi éileamh an chumainn ach go mbeadh sé an-deacair dlí a chur i bhfeidhm a chuirfeadh iallach ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí daoine logainm ar leith a úsáid thar cheann eile.

Tá an cumann buartha go ndéanfar dearmad ar na logainmneacha ársa, ar “séadchomharthaí teangeolaíocha” de stair na tíre iad. Táthar buartha freisin go dtiocfaidh logainmneacha nua sa treis nach bhfuil an t-údarás céanna ó thaobh na staire de ag baint leo.

In agallamh a thug Rhian Parry ó Cymdeithas Enwau Lleoedd Cymru ar nuacht BBC Wales le deireanas, luaigh sí an sampla ‘Ynys Las’ (Inis Ghlas), oileán beag amach ó chósta Móna, a bhfuiltear ag tabhairt ‘Sausage Island’ air le tamall anuas. Ba le teaghlach mór in earnáil na déantúsaíochta ispíní an teach mór ar an oileán agus ba as sin a tháinig an logainm nua. Luaigh Parry ‘Cable Bay’ freisin, ainm nua atá á thabhairt ar ‘Porth Crugmor’, cuan farraige ar chósta Móna.

Baineann an feachtas go príomha le logainmneacha Breatnaise atá ag dul in éag ar chúiseanna éagsúla.

Tuigtear do Tuairisc.ie, áfach, go bhfuil roinnt logainmneacha ársa Lochlannacha agus Sasanacha ag déanamh imní do lucht an fheachtais freisin. Is logainmneacha stairiúla iad seo, dar leo, a thugann léargas ar oidhreacht an cheantair.

Tá an cumann sách beag mar eagraíocht agus is lucht acadúil agus staraithe iad na baill den chuid is mó, ach, mar sin féin, tá aird an phobail tarraingthe acu ar an gceist. D’éirigh leis an gcumann an cheist a chur os comhair coiste speisialta de chuid rialtas na Breataine Bige agus bhí díospóireacht ar an ábhar sa pharlaimint. Ní fios go fóill an dtiocfaidh dlí i bhfeidhm a thabharfadh cosaint do na logainmneacha.

Labhair BBC Wales le Sasanach mná a bhog go dtí an Bhreatain Bheag tamall de bhlianta ó shin agus a bhfuil feirm asal ceannaithe aici ann. ‘Happy Donkey Hill’ an t-ainm atá baiste ag Kate Clamp ar an bhfeirm, rud atá ag cur isteach ar lucht cosanta na logainmneacha stairiúla.

‘Faerdre Fach’ an t-ainm Breatnaise atá ar an gcnoc le tuairim is 700 bliain anuas, agus atá le feiceáil ar chomhartha taobh amuigh den teach lóistín atá ag Kate Clamp. Baineann sí úsáid, áfach, as ‘Happy Donkey Hill’ seachas ‘Faerdre Fach’ in aon ábhar tráchtála nó margaíochta.

“People can’t spell it, people can’t say it properly, and they definitely can’t remember it, so in the world of online marketing you need something that people are going to remember. People have all heard of Coca Cola or Jesus but it doesn’t meant that they have to like them, they just know who it is. It’s a brand name and the name of the farm is never going to change,” a dúirt Clamp.

Dúirt sí freisin gurb iad ‘na Breatnaigh amháin’ atá ag gearán faoin athrú ainm.

Ní raibh urlabhraí ó Oifig Choimisinéir Teanga na Breatnaise ná ó Chumann Logainmneacha na Breataine Bige ar fáil agus an t-alt seo á scríobh.

Fág freagra ar 'Feachtas nua sa Bhreatain Bheag chun cur i gcoinne logainmneacha ar nós ‘Happy Donkey Hill’ agus ‘Sausage Island’'