Feachtas maoinithe tosaithe ag Raidió na dTreabh agus iad ag súil le stiúideo dá gcuid féin a thógáil

Tá rún ag an stáisiún nua pobail Raidió na dTreabh €8,000 a bhailiú a chuirfeadh ar a gcumas stiúideo nua a thógáil in Áras na nGael i nGaillimh

radio raidio

Tá tús curtha inniu ag Raidió na dTreabh, an stáisiún pobail nua-bhunaithe i gCathair na Gaillimhe, le feachtas tiomsaithe airgid ar an suíomh FundIt.ie agus súil ag lucht a bhunaithe €8,000 a bhailiú sna seacht seachtaine atá romhainn.

Tá an feachtas ag díriú ar ghnólachtaí agus ar scoileanna na háite leis an airgead mór a thiomsú ach dúirt bainisteoir an stáisiúin, Emma Ní Chearúil, le Tuairisc.ie go mbeifear “ag brath go mór ar thacaíocht phobal na Gaillimhe agus ar phobal na Gaeilge ar fud na cruinne”.

Tá an t-airgead á bhailiú le “stiúideo bunúsach” a fheistiú in Áras na nGael ar Shráid Dhoiminic i lár na cathrach agus le trealamh eile a cheannach a bheidh riachtanach don stáisiún.

Tá costais an cheadúnais craoltóireachta agus costais bhunaithe eile le híoc ag an stáisiún freisin agus tá sé sin san áireamh sa bhuiséad €8,000.

“Ó thús na míosa seo caite, tá cúig chlár rialta in aghaidh na seachtaine á gcur amach againn ar Soundcloud. Cheal stiúideo dár gcuid féin, tá muid teoranta do dhá uair an chloig sa stiúideo in aghaidh na seachtaine faoi láthair.

“Tá FlirtFM san Ollscoil [OÉ Gaillimh] tar éis a stiúideo a roinnt linn le mí anuas ach tá sé in am dúinn imeacht agus stiúideo dár gcuid féin a fháil. Tá an stáisiún féin ag dul ó neart go neart ach tá muid ag lorg cúnaimh i gcónaí, agus teastóidh níos mó daoine nuair a bheidh muid faoi lánseol,” a dúirt Ní Chearúil.

Dúirt sí go bhfuil idir láithreoirí, léiritheoirí agus chúntóirí ginearálta ag teastáil ón stáisiún fós ach go bhfuil “an-obair” déanta ag an bhfoireann a tháinig le chéile i ndiaidh an chéad chruinnithe a bhí ag an stáisiún i mí Aibreáin.

Is féidir airgead a ghealladh don stáisiún ar an leathanach FundIt ach mura n-éiríonn leis an bhfoireann an €8,000 a bhailiú ón bpobal ní bhfaighidh siad pingin rua.

Tá duaiseanna éagsúla á mbronnadh ar shíntiúsóirí ag foireann an raidió agus dá mhéid airgead a bhronnfar ar an togra is ea is fearr an duais. Is ar scoileanna agus ar ghnólachtaí ar fud Chontae na Gaillimhe atá na duaiseanna móra dírithe; ceardlanna scoile agus gnéchláir fógraíochta do ghnólachtaí mar shampla. Tá duaiseanna ann atá dírithe ar an ngnáthshíntiúsóir freisin, mar shampla, deis traenála i gcúrsaí raidió agus clár a chur i láthair.

“Táimid fíorbhuíoch as an tacaíocht agus spás a thug FlirtFm dúinn go dtí seo, ach tá fás agus forbairt ag teacht go sciobtha ar an stáisiún, agus is iontach an rud é sin. Ach ciallaíonn an fás sin nach leor cúpla uair a chloig in aghaidh na seachtaine.

“Mar sin tá géarghá againn bogadh agus ár stiúideo féin a thógáil. Tá fuinneamh den scoth ag an bhfoireann agus an-spéis ag an bpobal ionann faoi láthair agus ba mhaith linn tógáil air sin,” a dúirt Emma Ní Chearúil, Bainisteoir Raidió na dTreabh.

Fág freagra ar 'Feachtas maoinithe tosaithe ag Raidió na dTreabh agus iad ag súil le stiúideo dá gcuid féin a thógáil'