Feachtas feasachta faoi mhascanna seolta agus 1.7 milliún duine anois á gcaitheamh

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur pléadh an masc a dhéanamh éigeantach i gcásanna ar leith agus nach raibh a leithéid curtha as an áireamh ar fad ag na húdaráis

Feachtas feasachta faoi mhascanna seolta agus 1.7 milliún duine anois á gcaitheamh

Pictiúr. Keith Arkins

Tá feachtas feasachta nua seolta le níos mó daoine a spreagadh le masc a chaitheamh dá ndeoin féin.

Seoladh an feachtas tráth a ndeir na húdaráis sláinte go bhfuil an chomhairle maidir le caitheamh mascanna ag dul i bhfeidhm ar an bpobal faoi dheireadh.

Dúirt Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn aréir, gur léirigh an taighde is déanaí go mbíonn mascanna á gcaitheamh ag 1.7 milliún in áiteananna poiblí. Mhaígh an Dr Glynn gur ardú 6% nó beagnach 300,000 duine a bhí i gceist ansin i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.

Léirigh sin, a dúirt sé, “go raibh ag éirí leis an teachtaireacht”.

Ní mascanna lucht leighis atá i gceist sa bhfeachtas nua mar maíonn saineolaithe sláinte go gcuidíonn mascanna éadaigh le scaipeadh an choróinvíris a chosc mar go sáinnítear braoiníní ó dhuine a mbeadh an víreas air sa mhasc agus nach séidtear ar dhaoine eile nó ar dhromchlaí iad.

Cuirtear fainic ar dhaoine, áfach, nach bhfuil sna mascanna ach cosaint bhreise in aghaidh an Covid-19 agus gur cheart chomh maith na lámha a níochán go minic agus go maith, casacht nó sraothartach a dhéanamh i d’uillinn nó i naipcín agus fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine.

Moltar do daoine masc a chaitheamh aon áit nach féidir an scoitheadh sóisialta dhá mhéadar a chinntiú – siopaí, córas iompair phoiblí, agus sa gcás go mbíonn duine ag dul ar cuairt ar aon duine a bhí ag clutharú go dtí seo – daoine atá os cionn 70 bliain d’aois agus daoine atá goilliúnach ó thaobh na sláinte de.

Ón lá inné ar aghaidh tá sé éigeantach i Sasana clúdach aghaidhe a chaitheamh ar an gcóras iompair phoiblí agus d’fhéadfadh fíneáil  £100 a bheith i ndán d’aon duine a bhriseann an riail.

Agus an feachtas nua faoi chlúdaigh éadain á sheoladh ar maidin dúirt an Taoiseach Leo Varadkar: “Phléamar ar chóir dúinn an masc a dhéanamh éigeantach i gcásanna ar leith ach tá deacrachtaí móra leis sin. Ach níl sé curtha as an áireamh ar fad againn.”

Mhínigh an Taoiseach go raibh daoine ann “a raibh fóibe acu, daoine eile a raibh deacrachtaí anála acu. Is iomaí sin cúis nach ndéanfá éigeantach an clúdach aghaidhe.”

Dúirt an Taoiseach gur léir le trí mhí anuas ó thús na paindéime go raibh muintir na hÉireann “an-tuisceanach agus gur chloíodar leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus dá bharr nach raibh orthu dlíthe ná fíneálacha a thabhairt isteach le go gcloífí le comhairle”.

Dúirt an tAire Sláinte, Simon Harris ag an seoladh go raibh mascanna éigeantacha á meá ag an Rialtas agus go bhféadfadh go mbeadh masc riachtanach “le cead taistil ar an gcóras iompair phoiblí” amach anseo. Dúirt sé áfach gur dóigh leis nach gá dlí a thabhairt isteach chun an t-athrú sin a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Feachtas feasachta faoi mhascanna seolta agus 1.7 milliún duine anois á gcaitheamh'