Feachtas bailiúchán airgid do mharcach óg as Conamara a gortaíodh go dona sa Téalainn

Tá muintir agus cairde Brendan ‘Beano’ McDonagh ag iarraidh airgead a bhailiú chun é a thabhairt abhaile ón Téalainn mar a bhfuil sé san ospidéal

Brendan-McDonagh-jockey
Brendan ‘Beano’ McDonagh

Tá feachtas bailiúchán airgid ar bun chun marcach óg as Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe a thabhairt abhaile ó ospidéal sa Téalainn chuig ospidéal na Gaillimhe le go leanfaidh sé air ag feabhsú.

I 2013, bheartaigh Brendan ‘Beano’ McDonagh (23) a bhaile dúchais, Cnoc an Easair i Maigh Cuilinnn, a fhágáil chun aghaidh a thabhairt ar an Astráil chun go bhfíóródh sé a bhrionglóid a bheith ina mharcach proifisiúnta. D’éirigh go maith leis san Astráil, mar a raibh sé ag obair i stábla agus ag cur lena scíleanna marcaíochta. Tar éis dhá bhliain a chaitheamh ann, shocraigh sé briseadh gairid a ghlacadh ar oileán Koh Samui sa Téalainn sula bhfillfeadh sé abhaile ar Éirinn.

Fuair Brendan gluaisrothar ar cíos agus é ar a chuid laethanta saoire i Koh Samui ach, faraor, bhí drochthimpiste aige. Mar thoradh ar an timpiste, chaill Brendan an chuid íochtar dá chos, ón nglúin síos, briseadh a ghiall agus gortaíodh a lámh go dona freisin. Níl aon mhothú ag Brendan ar a thaobh deas agus níl a fhios fós cén feabhas a thiocfas ar a láimh agus a ghualainn. Bhí an t-ádh leis go raibh sé ag caitheamh clogid agus nár déanadh aon damáiste dá inchinn.

“Tá pobal an cheantair agus pobal na tíre ag tabhairt cúnaimh ó thaobh comhairle agus airgid de. Tá an chlann ar fad thar a bheith buíoch,” a deir Maitiú Ó Domhnaill, col ceathrar Bhrendan.

Tá a dheartháir, Gerald, anois lena thaobh san ospidéal sa Téalainn agus tá súil ag an líon tí go mbaileofar dóthain airgid chun Brendan a thabhairt abhaile i dtreo is gur féidir an cúnamh is fearr a fháil dó agus é a chur ar bhóthar a leasa.

Tá imeachtaí beartaithe ag an teaghlach le hairgead a bhailiú ar son Bhrendan i Maigh Cuilinn agus ar fud Chonamara.

Féadfaidh daoine cabhrú leo ach cúpla euro a thabhairt uathu ar leathanach Facebook Brendan Beano McDonagh Benefit Fund.

Fág freagra ar 'Feachtas bailiúchán airgid do mharcach óg as Conamara a gortaíodh go dona sa Téalainn'