Feabhas le déanamh ag an mBrasaíl más leo aon ghaisce a dhéanamh

Beidh an Bhrasaíl agus Cósta Ríce in éadan a chéile anocht agus beifear ag súil le taispeántas níos fearr ó rogha na n-údar don chomórtas

Feabhas le déanamh ag an mBrasaíl más leo aon ghaisce a dhéanamh

Údar faoisimh é do lucht leanúna na Brasaíle go bhfuil sé ráite ag bainisteoir na foirne, Tite, go mbeidh Neymar aclaí a dhóthain chun imirt ó thús sa chluiche i gcoinne Chósta Ríce tráthnóna.

Bhí oíche chrua ag laoch na foirne ina gcéad chluiche i gcoinne na hEilvéise. Rinneadh deich bhfeall ar Neymar sa chluiche sin, níos mó ná mar a rinneadh ar aon imreoir eile i gcluiche ag Corn an Domhain le fiche bliain.

Ní hiontas go raibh Neymar bacach i ndiaidh an chluiche agus ní raibh an tosach in ann páirt a ghlacadh ag seisiún traenála na foirne Dé Máirt. Agus biseach anois air beidh ar Neymar taispeántais níos fearr a thabhairt ná mar a thug sé i gcoinne na hEilvéise más faoin mBrasaíl an comórtas seo a bhuachan.

Bhí na Brasaíligh ar fheabhas sa chéad 20 nóiméad de chluiche an Domhnaigh ach bhí Neymar santach ina chuid imeartha, é ag coinneáil seilbh na liathróide rófhada in áit í a thabhairt do dhuine dá chomhghleacaithe a bhí ag fanacht uirthi. Cé go raibh siad chun tosaigh sa chluiche, níor éirigh leis an mBrasaíl na hEilvéisigh a chur de dhroim seoil agus beifear ag súil nach mbeidh an laige chéanna le feiceáil anocht.

Maidir le Cósta Ríce má chailleann siad cluiche na hoíche anocht, murab ionann agus 2014, ní fheicfidh siad an chéad bhabhta eile.

Easpa cruthaitheachta is mó a bhí ag cur as dóibh ina gcluiche i gcoinne na Seirbia ag an deireadh seachtaine. Bhí cuid mhaith de sheilbh na liathróide acu, go háirithe i dtreo dheireadh an chluiche, ach theip orthu deiseanna maithe a chruthú.

Ní fheicfidh siad mórán den liathróid anocht agus seans go mbeidh siad ag brath ar Keylor Navas sa chúl, an t-imreoir is fearr atá acu, chun coinneáil leis na Brasaíligh.

TUAR TUAIRISC.IE: An Bhrasaíl

Fág freagra ar 'Feabhas le déanamh ag an mBrasaíl más leo aon ghaisce a dhéanamh'