Feabhas á chur ar Google Translate tríd an slua-aistriú

Tá ‘pobal aistriúcháin’ bunaithe ag Google agus súil acu go gcabhróidh daoine ilteangacha le feabhas a chur ar a seirbhís aistriúcháin Google Translate

Google translate

cúnamh an phobail á lorg ag Google le feabhas a chur ar an inneall aistriúcháin a d’fhorbair an t-ollchomhlacht idirlín beagnach deich mbliana ó shin.

Google Translate in ann aistriúcháin, idir chinn mhaithe agus droch-chinn, a dhéanamh ar os cionn 90 teanga anois. Cuireadh an Ghaeilge leis an liosta sin sa bhliain 2008.

Ainneoin a chumhachtaí is atá an t-inneall, tá lochtanna air, go háirithe i gcás mionteangacha agus tá droch-cháil tarraingthe air i gcaitheamh na mblianta mar gheall ar an mí-úsáid a bhaintear as chun leaganacha Gaeilge de cháipéisí agus comharthaí oifigiúla a sholáthar.

Féadfaidh úsáideoirí Google Translate feabhas a chur ar an inneall trí chlárú leis an ‘Translate Community’. Iarrtar ansin idir dhá agus cúig cinn de theangacha a roghnú le feabhas a chur orthu trí abairtí samplacha a aistriú aistriúcháin a rinne an t-inneall a cheartú.

trí rannóg san ionad aistriúcháin: aistrigh, deimhnigh agus grádaigh. Faoi láthair, ní féidir ach abairtí Gaeilge a aistriú a dheimhniú.

Bunaithe ar na nathanna is mo cuardach ar inneall cuardaigh Google atá na habairtí samplacha agus mar sin feicfidh na haistritheoirí liricí amhrán agus abairtí cáiliúla ó scannáin i measc na nathanna atá le haistriú.

Google ag súil go gcuirfear barr feabhais ar chruinneas an innill agus go mbeifear in ann dul i ngleic le habairtí casta.

an t-ionad aistriúchán cosúil leis an gceann atá ag Twitter. Bíonn deis ag na haistritheoirí vótaí a thabhairt d’aistriúcháin a chéile nó a n-aistriúcháin féin a thabhairt agus tá córas gradam ann do na haistritheoirí is gníomhaí san ionad. Tugtar réaltóga agus coirn don aistritheoir a bhaineann cloch mhílte agus spriocanna aistriúcháin amach.

Iarrtar ar na haistritheoirí cuimhniú ar chaipitliú na litreacha, réim na cainte agus béarlagair agus iad i mbun oibre. Cé nach dtugtar mórán eolais sna habairtí samplacha maidir le haimsir na mbriathar nó comhthéacs na habairte, iarrtar ar lucht an aistrithe cinntí meáite stuama a dhéanamh.

Bainfidh Google úsáid as an eolas a chuireann na haistritheoirí deonacha ar fáil chun feabhas a chur ar Google Translate agus fadhbanna ina chóras a aithint.

Google ag súil go gcabhróidh an Translate Community leo 23 teanga bhreise, Gaeilge na hAlban ina measc, a chur leis an 90+ teanga atá ar fáil cheana féin. Féadtar na teangacha nua a roghnú nuair atáthar ag clárú leis an ionad aistriúcháin.

Déanann Google Translate a chuid aistriúchán bunaithe ar eolas atá ar fáil ar líne ar an dá theanga atá le haistriú aige. Dá mhéad den ábhar céanna atá ar fáil ar líne sa dá theanga is ea is fearr a bheas an t-aistriúchán a chuireann an t-inneall ar fáil.

Fág freagra ar 'Feabhas á chur ar Google Translate tríd an slua-aistriú'

  • Fear Galltacha

    “Bíonn deis ag na haistritheoirí vótaí a thabhairt d’aistriúcháin a chéile nó a n-aistriúcháin féin a thabhairt agus tá córas gradam ann do na haistritheoirí is gníomhaí san ionad. Tugtar réaltóga agus coirn don aistritheoir a bhaineann cloch mhílte agus spriocanna aistriúcháin amach.”

    Ceart go leor: Tá muintir Ghoogle, iadsan a dhein breis is $66,000 milliúin an bhliain seo caite – ná bí buartha, a léitheoir, do léis an uimhir sin i gceart: $66,000,000,000! – ag lorg feabhas a chur ar a n-aistritheoir, agus nílid ag tabhairt ach ‘gradam’ ‘s ‘réaltóga’ donsa daoinibh atá ag cabhrú leo níos mó airgead a shaothrú? Cad é an Téalainnis ar an bhfocal “déistineach”…